An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tionólann an Tánaiste agus an tAire Troy Cruinniú Comhchéime Tomhaltóirí chun Cuntas Infheistíochta nua a phlé
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Thionóil an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais, agus Robert Troy TD, an tAire Stáit, Cruinniú Comhchéime Tomhaltóirí inniu chun plé a dhéanamh ar an rún atá ann Cuntas Infheistíochta nua a thabhairt isteach.
Tugadh le chéile ag an imeacht eagraíochtaí agus geallsealbhóirí a bhfuil leas tomhaltóirí acu, agus úsáidfear an méid a thit amach lena linn chun bonn eolais a chur faoin obair atá ar siúl chun an togra le haghaidh Cuntas Infheistíochta a fhorbairt.
Chuir na rannpháirtithe raon leathan dearcthaí in iúl maidir leis na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le hinfheistiú, lena n-áirítear an tábhacht a bhaineann le simplíocht, le hiontaoibh, le cumarsáid shoiléir agus le litearthacht airgeadais.
Ag labhairt dó tar éis an imeachta, dúirt an Tánaiste:
“Thug plé an lae inniu deis luachmhar dúinn cluinstin go díreach ó ionadaithe do thomhaltóirí agus ó gheallsealbhóirí de réir mar a chuirimid an obair ar an gCuntas Infheistíochta nua ar aghaidh.
“Bhí na léargais a comhroinneadh praiticiúil agus cuiditheach agus cabhróidh siad leis an gcéad chéim eile den togra a mhúnlú.
“Tá traidisiún láidir coigiltis ag Éirinn. Is é an uaillmhian atá againn cur leis an traidisiún sin trí rud atá níos simplí, níos inrochtana agus níos ábhartha do ghnáth-theaghlaigh a dhéanamh d’infheistiú. Ba mhaith linn go mbeadh deis ag tuilleadh daoine a gcuid coigiltis a mhéadú san fhadtéarma agus ról a imirt i rath ár ngeilleagair.
“Chun go n-éireoidh leis an gCuntas Infheistíochta, ní mór muinín a bheith ag daoine as. Fágann sé sin nach mór faisnéis shoiléir, cosaintí láidre do thomhaltóirí agus feasacht airgeadais níos fearr a bheith ann. Tríd an gcaidreamh a rinneadh inniu, thógamar céim thábhachtach i dtreo é sin a bhaint amach.”
Dúirt Robert Troy TD, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas:
“Cuid dhílis den tionscnamh seo is ea rud atá níos sothuigthe agus níos so-rochtana a dhéanamh d’infheistiú.
“Le linn an phlé inniu, treisíodh an tábhacht a bhaineann le simplíocht, le trédhearcacht agus le hiontaoibh maidir le tuilleadh daoine a spreagadh dul i mbun infheistiú den chéad uair riamh. Beidh na prionsabail sin ina ngné lárnach de dhearadh an Chuntais Infheistíochta.
“Ba mhaith linn go mbeadh an mhuinín ag daoine chun cinntí eolacha a dhéanamh faoina gcuid airgeadais agus go mbeadh rochtain acu ar roghanna simplí infheistíochta ar féidir leo tacú lena spriocanna airgeadais fadtéarmacha.”
D’athdhearbhaigh an Tánaiste go bhfuil sé beartaithe aige reachtaíocht maidir leis an gCuntas Infheistíochta a thabhairt ar aghaidh mar chuid den Bhille Airgeadais, 2026.
Leanfar le caidreamh a dhéanamh le tomhaltóirí, le hionadaithe tionscail agus le geallsealbhóirí eile de réir mar a fhorbraítear an togra.
CRÍOCH