An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Cuireann an Tánaiste agus an tAire Troy fáilte roimh fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla ón nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní don bhliain 2025 agus roimh thabhairt isteach na reachtaíochta chun an Ghníomhaireacht a dhíscaoileadh
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Cuireann an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais, agus Robert Troy TD, an tAire Stáit, fáilte roimh fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla ón nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní don bhliain 2025 agus roimh thabhairt isteach na reachtaíochta chun an Ghníomhaireacht a dhíscaoileadh.
Chuir an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais, agus Robert Troy TD, an tAire Stáit ag an Roinn Airgeadais, fáilte inniu roimh fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla agus na Ráiteas Airgeadais ón nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní don bhliain 2025 agus roimh thabhairt isteach an Bhille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2026, i nDáil Éireann.
Is ionann an Tuarascáil Bhliantúil ón nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní don bhliain 2025 agus an tuarascáil bliana iomláine deiridh uaithi. Tá a cuid oibre críochnaithe go substaintiúil anois, agus níl ach méid beag gníomhaíochta iarmharaí le déanamh roimh a dhíscaoileadh.
Foráiltear leis an mBille don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní a dhíscaoileadh agus d’aon ghníomhaíochtaí a bheidh fágtha a aistriú chuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta. Foráiltear leis freisin do nithe iarmharacha a aistriú ó Leachtú Speisialta Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc chuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, rud a chinnteoidh go mbeifear in ann an ghníomhaíocht iarmharach chomhcheangailte ón dá chomhlacht a thabhairt chun críche go héifeachtúil.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais:
“Is cloch mhíle shuntasach iad foilsiú na Tuarascála Bliantúla ón nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní don bhliain 2025 agus tabhairt isteach na reachtaíochta lena bhforáiltear don Ghníomhaireacht a dhíscaoileadh, i bhfianaise obair an-substaintiúil na Gníomhaireachta a bheith beagnach críochnaithe anois.
Ó bunaíodh sa bhliain 2009 í, d’oibrigh an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní trí phunann chasta iasachtaí agus sócmhainní agus bhain sí torthaí suntasacha amach don Stát, lenar áiríodh iad seo a leanas:
- Ranníocaíocht saoil €5.6 billiún a dhéanamh leis an Stát, a chuimsigh airgead tirim ab fhiú €4.7 billiún a aistríodh chuig an Státchiste, tithíocht shóisialta agus talamh ab fhiú €425 mhilliún a aistríodh chuig an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún, agus cáin chorparáide ab fhiú thart ar €450 milliún;
- Tacú le breis agus 44,500 teach a sholáthar, lenar áiríodh méid suntasach tithíochta sóisialta;
- Ceantar Dugaí Bhaile Átha Cliath a bhunathrú, áit ar soláthraíodh breis agus 4.2 milliún troigh chearnach de spás tráchtála agus na mílte tithe;
- Airgead tirim ab fhiú €48.5 billiún a ghiniúint agus, an tráth céanna, ceann de na punanna is casta sócmhainní a d’eascair as an ngéarchéim airgeadais dhomhanda a bhainistiú go rathúil.
- Fiach sinsearach ab fhiú €30.2 billiún a fhuascailt roimh an sprioc-am agus fofhiach ab fhiú €1.6 billiún a aisíoc ina iomláine, agus dliteanas teagmhasach mór a bhí ar an Stát á dhíothú.
Agus í ag druidim le deireadh a saoil, tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don ról a bhí ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní maidir le muinín a athbhunú as geilleagar na hÉireann. Chomhlíon an Ghníomhaireacht an sainordú a leagadh uirthi, agus tá sí aitheanta go hidirnáisiúnta mar cheann de na gníomhaireachtaí Stát-tacaithe is rathúla bainistíochta sócmhainní dá cineál.
Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Bhord, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, lucht bainistíochta agus foireann na Gníomhaireachta, idir iad sin atá aici faoi láthair agus iad sin a bhí aici roimhe seo, as a ndúthracht agus a ngairmiúlacht agus an obair thábhachtach sin á déanamh acu thar ceann an Stáit.”
Dúirt Robert Troy TD, an tAire Stáit ag an Roinn Airgeadais:
“Tá áthas orm an Bille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2026, a thabhairt isteach san Oireachtas inniu, thar ceann an Tánaiste. Is céim thábhachtach é seo i dtreo obair na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní agus Leachtú Speisialta Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc a thabhairt chun críche.
Soláthraítear leis an reachtaíocht seo creat soiléir praiticiúil le haghaidh an méid beag gníomhaíochta atá fágtha ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní agus ag Corparáid na hÉireann um Réiteach Bainc a aistriú chuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, rud a chinnteoidh go mbeifear in ann na nithe iarmharacha sin a bhainistiú go héifeachtúil agus a thabhairt chun críche ar bhealach rianúil.
Ba shuntasach a bhí scála agus castacht na hoibre a rinneadh leis an deacáid go leith anuas. D’éirigh leis an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní punann iasachtaí ab fhiú €32 billiún a réiteach go hiarmhéid iarmharach an-bheag, agus d’imir sí ról lárnach maidir le tacú le téarnamh geilleagrach an Stáit tar éis na géarchéime airgeadais.
Leis an mBille seo, léirítear go bhfuil an obair sin beagnach críochnaithe anois, agus cinntítear gur féidir na céimeanna deiridh a chur i gcrích ar bhealach cuíchóirithe, agus leanúnachas á choinneáil ar bun agus leasanna an Stáit á gcosaint an tráth céanna.”
CRÍOCH