Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an Tánaiste Athbhreithniú ar Riaráistí Morgáiste ina léirítear go bhfuil riaráistí ag an leibhéal is ísle riamh

D’fhoilsigh an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais, an tAthbhreithniú ar Riaráistí Morgáiste don bhliain 2025 inniu.

Léirítear san Athbhreithniú go leanann an líon daoine atá chun deiridh lena morgáiste ar phríomháiteanna cónaithe de bheith ag laghdú. Léirítear na nithe seo a leanas ann freisin:

  • tháinig laghdú 17% ar an líon iomlán daoine atá chun deiridh lena morgáiste, agus an figiúr ag titim go faoi bhun 36,000 duine (ó níos mó ná 42,000 duine ag deireadh na bliana 2024),
  • tháinig laghdú 19% ar an líon iomlán daoine atá níos mó ná 90 lá chun deiridh lena morgáiste, agus an figiúr ag titim go faoi bhun 22,000 duine (ó bheagnach 27,000 duine ag deireadh na bliana 2024), agus
  • tháinig laghdú 16% ar an líon iomlán daoine atá chun deiridh go fadtéarmach lena morgáiste, agus an figiúr ag titim go beagán os cionn 16,000 duine (ó níos mó ná 19,000 duine ag deireadh na bliana 2024).

Ag deireadh na bliana 2025, ba é 3.1% an sciar de mhorgáistí le haghaidh príomháiteanna cónaithe a raibh cuntais níos mó ná 90 lá chun deiridh leo. Is é sin an sciar is ísle de chuntais atá níos mó ná 90 lá chun deiridh lena morgáiste ó bhí an bhliain 2009 ann.

Dúirt an Tánaiste Harris:

“Is údar misnigh dom an treocht laghdaitheach atá ann i ndáil le riaráistí morgáiste. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt, áfach, do na deacrachtaí a bhíonn ag roinnt daoine go fóill maidir lena morgáiste a íoc.

Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil do na daoine sin, agus mholfainn do thomhaltóirí dul i dteagmháil lena n-iasachtóirí agus le seirbhísí tacaíochta amhail MABS a luaithe is féidir.”

Dúirt an Tánaiste freisin:

“Cé go bhfuil riaráistí morgáiste ag laghdú, tá siad ard go fóill i gcomparáid le caighdeáin idirnáisiúnta. San athbhreithniú, tugtar aghaidh ar na treochtaí a bhí ann i ndáil le riaráistí morgáiste suas go deireadh na bliana 2025. Níl éifeachtaí na coinbhleachta sa Mheánoirthear ar phraghsanna fuinnimh ná ar an gcostas maireachtála le feiceáil sna sonraí go fóill.

Dá bhrí sin, cé go bhfuil riaráistí morgáiste ag an leibhéal is ísle ó bhí an bhliain 2009 ann, fágann na méaduithe féideartha ar rátaí úis nach mór dúinn a bheith san airdeall i gcónaí agus leanúint le comhairle agus tacaíocht a thabhairt dóibh sin atá i gcruachás.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

• I mí Mheán Fómhair 2023, chuir an tAire Airgeadais de chúram ar an nGrúpa Athbhreithnithe ar Riaráistí Morgáiste athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú an chreata um réiteach riaráistí morgáiste agus sainaithint a dhéanamh ar aon athchóirithe nó aon fheabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar an bhfadhb a bhaineann le riaráistí fadtéarmacha morgáiste agus le luathriaráistí atá ag teacht chun cinn.

• Foilsíodh an tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe ar Riaráistí Morgáiste i mí Mheán Fómhair 2024.

• Chuimsigh an Grúpa Athbhreithnithe ar Riaráistí Morgáiste an Roinn Airgeadais, an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, an Roinn Coimirce Sóisialaí, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Banc Ceannais na hÉireann, an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS), agus Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann.

• Áiríodh le moltaí na Tuarascála Fóram idir-rannach um Riaráistí Morgáiste a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí agus chun measúnú a dhéanamh ar rath an chreata maidir le riaráistí morgáiste a réiteach.

• Déanann an Fóram um Riaráistí Morgáiste athbhreithniú bliantúil ar na treochtaí atá ann i ndáil le riaráistí morgáiste a réiteach. Is é an tAthbhreithniú seo an dara ceann den sórt sin a d’ullmhaigh an Fóram.

• Tá san Athbhreithniú freisin faisnéis faoi úsáid na seirbhísí a sholáthraíonn an Rialtas chun tacú le teaghlaigh atá chun deiridh lena morgáiste. Áirítear leo sin Abhaile, an tSeirbhís Náisiúnta um Réiteach Riaráistí Morgáiste, a thug comhairle agus tacaíocht do 34,640 duine ó bunaíodh an tseirbhís sa bhliain 2015.

• I measc na dtacaí eile atá ar fáil tá Back on Track, ar suíomh Gréasáin tiomnaithe é a soláthraíonn Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann é.

• Leis an leagan athbhreithnithe den Chód um Chosaint Tomhaltóirí ó Bhanc Ceannais na hÉireann, a tháinig i bhfeidhm i mí an Mhárta 2026, cuirtear oibleagáidí ar eintitis rialáilte maidir le conas ba cheart dóibh riaráistí morgáiste a láimhseáil.

Tá na sonraí a úsáideadh san Athbhreithniú bunaithe ar dhaonra tuairiscithe Bhanc Ceannais na hÉireann, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa, institiúidí nach institiúidí creidmheasa iad, agus soláthraithe morgáistí neamhchónaithe. Tá na sonraí ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://www.centralbank.ie/statistics/data-and-analysis/credit-and-banking-statistics/mortgage-arrears

Nasc chuig an bhfoilseachán maidir leis an Athbhreithniú ar Riaráistí Morgáiste 2025.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat