An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Cuireann an Tánaiste fáilte roimh athléimneacht an gheilleagair intíre sa chéad ráithe den bhliain
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Tháinig méadú 4¼ faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre – arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é – ar bhonn bliantúil sa chéad ráithe.
- Tháinig méadú 2½ faoin gcéad ar chaiteachas tomhaltóirí.
- Tháinig laghdú 17 faoin gcéad ar OTI ar bhonn bliantúil. Is léiriú é sin gur fhill leibhéil níos normálta onnmhairí ar ais tar éis an tús-ualaithe a bhain le taraifí an bhliain seo caite.
Inniu (an 4 Meitheamh), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na Cuntais Náisiúnta Ráithiúla don chéad ráithe den bhliain 2026.
Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt an Tánaiste Simon Harris TD, an tAire Airgeadais:
“In ainneoin na ndúshlán seachtrach leanúnach, léirítear i bhfigiúirí an lae inniu gur lean an geilleagar intíre le fás go láidir sa chéad ráithe, agus méadú 4¼ faoin gcéad ag teacht ar Éileamh Modhnaithe Intíre ar bhonn bliantúil.
Is údar misnigh ar leith é go raibh an fás forleathan, agus rannchuidiú láidir á dhéanamh ag caiteachas tomhaltóirí agus, go háirithe, ag infheistíocht. Tháinig méadú os cionn 9 faoin gcéad ar infheistíocht ar bhonn bliantúil mar thoradh ar ghníomhaíocht láidir san earnáil chónaithe agus mar thoradh ar mhéadú suntasach ar infheistíocht san earnáil ilnáisiúnta.
“Cé go léirítear i bhfigiúirí an lae inniu crapadh mór bliantúil 17 faoin gcéad ar OTI, is léiriú é sin gur fhill leibhéil níos normálta onnmhairí ar ais sa chéad ráithe den bhliain. Go deimhin, is féidir an leibhéal ollmhór onnmhairí a chonacthas sa ráithe chéanna an bhliain seo caite a chur síos go páirteach do thús-ualú onnmhairí cógaisíochta chuig na Stáit Aontaithe in oirchill taraifí. Tá mo Roinn ag súil leis go maolóidh an éifeacht sin thar na ráithí atá le teacht, agus meastar go dtosóidh OTI ag fás an athuair thar an gcuid eile den bhliain.
“Ar an iomlán, léirítear i bhfigiúirí an lae inniu athléimneacht leantach an gheilleagair intíre. Mar sin féin, ní féidir linn a bheith réchúiseach, go háirithe mar gheall ar an gcur isteach leantach ar sholáthairtí fuinnimh ón Meánoirthear. Go deimhin, níos luaithe an tseachtain seo, d’fhoilsigh ECFE meabhrúchán láidir go maolófaí fás domhanda tuilleadh mar gheall ar thréimhse fhada cur isteach ar shreafaí tráchtearraí i Murascaill na Peirse. Tá sé sin ar aon dul leis an anailís ar chásanna a rinne mo Roinn do gheilleagar na hÉireann.
“Ag féachaint chun cinn, ní mór dúinn leanúint le cur lenár n-athléimneacht i leith suaití amach anseo agus ní mór dúinn coinneáil iomaíoch an tráth céanna. Chuige sin, táim ag tnúth leis an Idirphlé Eacnamaíoch Náisiúnta atá le teacht, áit a mbeimid in ann plé níos leithne a dhéanamh ar thosaíochtaí roimh Bhuiséad 2027 agus ar conas is féidir linn ár n-athléimneacht a threisiú idir an meántéarma agus an fadtéarma.
Nótaí
Is ionann éileamh modhnaithe intíre (deiridh), arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an tomhaltais phearsanta agus rialtais agus na hinfheistíochta pearsanta agus rialtais, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.