An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Fógraíonn an Taoiseach, an tAire Lawless agus an tAire Harkin ceannach mórláithreáin i gCaisleán an Bharraigh mar chuid den chéad chéim eile in infheistíocht chaipitil FET ilmhilliún euro sa réigiún
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D'fhógair an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Stáit sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Marian Harkin inniu gur ceannaíodh suíomh Dhún Mitchell i gCaisleán an Bharraigh, áit a mbeidh Coláiste Breisoideachais agus Oiliúna (FET) nua lonnaithe i Maigh Eo.
Is cloch mhíle shuntasach é sealbhú an tsuímh seo maidir le Coláiste FET a chur chun cinn i gCaisleán an Bharraigh ag Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (BOOMESL). Spreagfaidh maoiniú an Rialtais ar fiú na deicheanna milliún euro é forbairt an tsuímh, cruthóidh sé campas nua úrscothach oideachais agus oiliúna, agus comhdhlúthóidh sé soláthar scileanna ar fud an réigiúin.
Mar thoradh air seo déanfar athstruchtúrú cuimsitheach ar Choláiste FET Mhaigh Eo, leis an bpríomhchampas foghlama i gCaisleán an Bharraigh, le tacaíocht ó champais i gCathair na Mart agus i mBéal an Átha, agus moil foghlama ar fud Chontae Mhaigh Eo agus líonra foghlama BOOMESL níos leithne.
Tugadh cead do BOOMESL inniu freisin dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile d'fhorbairt an tionscadail a chuirfear ar fáil ar an láithreán, agus faomhadh tugtha chun tús a chur leis an Réamhthairiscint: Céim na Straitéise um Dhearadh, Pleanáil agus Soláthar Tionscadail.
Ag labhairt inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
“Tá an-áthas orm a bheith i gCaisleán an Bharraigh inniu chun an dá gharsprioc mhóra seo a chomóradh agus an tionscadal suaitheanta Breisoideachais agus Oiliúna do Bhord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma á chur i gcrích.
“Tá áit ar leith ar shuíomh Dhún Mitchell i stair agus i bhféiniúlacht Chaisleán an Bharraigh agus Chontae Mhaigh Eo, agus cinntíonn fógra an lae inniu go mbeidh sé mar chuid de thodhchaí Chaisleán an Bharraigh.
“Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag an Aire Lawless, ag an Aire Harkin agus ag a Roinn chun an tionscadal seo a thabhairt chuig an gcéim thábhachtach seo. Aithnímid mar Rialtas go bhfuilimid ag cinntiú, trí infheistíocht a dhéanamh sa Bhreisoideachas agus san Oiliúint, go mbeidh rochtain ag daoine de gach aois ar na scileanna, ar na cáilíochtaí agus ar na deiseanna foghlama a theastaíonn uathu chun go n-éireoidh leo i ndomhan atá ag athrú go tapa.”
Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta James Lawless:
“Tá ríméad orm cead a thabhairt do BOOMESL suíomh Dhún Mitchell i gCaisleán an Bharraigh a fháil, agus cead a thabhairt dom a gcás gnó a chur ar aghaidh go dtí an chéad chéim forbartha eile don bhonneagar atá ag teastáil ar an suíomh seo.
“Tá an príomhthionscadal seo ag dul chun cinn faoi Mhórchlár Caipitil Choláiste FET mo Roinne. Is é seo an infheistíocht chaipitil is mó riamh sa Bhreisoideachas agus san Oiliúint, agus is gealltanas lárnach é faoi Chlár an Rialtais.
“Ní hamháin go dtacaíonn an infheistíocht seo leis an mbonneagar, déanann sí infheistíocht i ndaoine freisin. Ag leathnú roghanna do dhaoine óga, ag cabhrú le daoine fásta scileanna nua a fháil, agus ag cur oideachas agus deiseanna do chách ar fáil anseo i gCaisleán an Bharraigh agus níos faide i gcéin.”
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Marian Harkin:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Tom Grady agus lena fhoireann in BOOMESL as an obair chrua ar fad atá déanta acu sa tionscadal seo chun muid a thabhairt chuig an áit ina bhfuilimid inniu.
“Is cloch mhíle mhór é an lá inniu. Agus an suíomh á fháil againn agus an tionscadal á chur chun cinn sa chéad chéim eile den fhorbairt, tá céim shuntasach eile á glacadh againn i dtreo Coláiste FET claochlaitheach a chur ar fáil do réigiún an iarthair agus an iarthuaisceart.”
Dúirt Deirdre McDonnell, POF SOLAS:
“Is cloch mhíle shuntasach é fógra na hinfheistíochta caipitil seo i gCaisleán an Bharraigh don Bhreisoideachas agus don Oiliúint i Maigh Eo, i Sligeach agus i Liatroma. Tá forbairtí mar seo lárnach chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar uasoiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Beidh ról ríthábhachtach ag campas nua-aimseartha comhdhlúite chun tacú le foghlaimeoirí agus chun an lucht saothair a neartú ar fud Mhaigh Eo agus sa réigiún máguaird amach anseo.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach BOOMESL Tom Grady:
“Is lá cinniúnach é seo do BOOMESL agus do mhuintir Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma. Is deis nach dtagann ach an uair fhánach é suíomh na Beairice Míleata a fháil chun Breisoideachas agus Oiliúint a athmhúnlú sa réigiún.
“Cuirfidh an campas nua go mór lenár gcumas oideachas agus oiliúint atá ar ardchaighdeán agus freagrúil a chur ar fáil, rud a thacóidh leis an bhforbairt eacnamaíoch agus leis an gcuimsiú sóisialta araon. Is vóta láidir muiníne é i dtodhchaí Mhaigh Eo agus an réigiúin máguaird sa ról ríthábhachtach atá ag Breisoideachas agus Oiliúint maidir le fás réigiúnach a spreagadh.”