An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tá Tuarascáil Bhliantúil 2025 de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí foilsithe anois.
Tá ról ríthábhachtach ag an Roinn maidir le tacú le daoine aonair, teaghlaigh, pobail agus fostóirí ar fud na hÉireann. Is é ár misean ná rannpháirtíocht ghníomhach agus cuimsiú sa tsochaí a chur chun cinn trí thacaíochtaí ioncaim, sheirbhísí fostaíochta agus sheirbhísí eile a sholáthar.
Sa tuarascáil, leagtar amach an obair shuntasach a rinneadh i rith na bliana 2025 agus leagtar béim inti ar éachtaí na Roinne maidir le tacaíochtaí a sholáthar, seirbhísí a nuachóiriú agus athchóirithe móra beartais a chur chun feidhme.
In 2025, chaith an Roinn €27.4 billiún ar thacaíochtaí ioncaim, ar sheirbhísí fostaíochta agus ar chláir ghaolmhara, arbh ionann é sin agus 20.5% de chaiteachas iomlán an rialtais. I rith na bliana, rinneadh beagnach 89 milliún íocaíocht agus próiseáladh breis agus 3.7 milliún iarratas faoi phríomhscéimeanna agus seirbhísí na Roinne.
Ar na buaicphointí a bhí ann i rith na bliana, bhí:
- Tabhairt isteach an tSochair Pá-Choibhneasa Cuardaitheora Poist, atá ar cheann de na hathchóirithe is suntasaí ar chóras cosanta sóisialta na hÉireann le blianta beaga anuas.
- Cur i gcrích rochtana do chách ar Chlár na mBéilí Scoile do gach bunscoil, rud a thugann tacaíocht do bhreis agus 680,000 páiste ar fud na tíre.
- Cur chun feidhme rathúil Mo Chiste don Todhchaí, córas nua na hÉireann um chlárú uathoibríoch i scéim coigiltis scoir, agus ullmhúchán á dhéanamh chun breis agus 750,000 oibrí a chlárú ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh.
- Leathnú leanúnach ar sheirbhísí digiteacha, lena n-áirítear breis agus 3.4 milliún idirbheart trí MyWelfare agus 5.3 milliún idirbheart trí Chomhpháirtithe Leasa.
- Seoladh seirbhísí nua ar líne do chustaiméirí, lena n-áirítear Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra, Liúntas Cúraim Baile agus seirbhísí feabhsaithe a bhaineann le hUimhreacha PSP.
- Críochnú na hoibre ar fud na tíre chun Seomraí Ciúine a chur ar fáil i líonra Intreo, agus an Roinn ag fáil Ghradam Comhpháirtí na Bliana 2025 ó JAM Card as a tiomantas don inrochtaineacht agus don chuimsiú.
- Fógraíodh breis agus 89,000 deis fostaíochta trí JobsIreland agus rinneadh breis agus 38,000 atreorú chuig tacaíochtaí oiliúna agus fostaíochta.
- Leithdháileadh beagnach 236,000 Uimhir PSP agus eisiúint 1.3 milliún Cárta Seirbhísí Poiblí.
Leagtar béim freisin sa tuarascáil ar thiomantas, ar ghairmiúlacht agus ar dhíograis fhoireann na Roinne agus iad ag soláthar seirbhísí poiblí agus tacaíochtaí ríthábhachtacha do dhaoine ar fud na hÉireann.
Is féidir an Tuarascáil Bhliantúil 2025 a fheiceáil thíos.