An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Seachtain an Mhíchumais, na hOibre agus na Scileanna Deireadh Fómhair 2026
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Seachtain an Mhíchumais, na hOibre agus na Scileanna Intreo – Daoine atá ag Lorg Fostaíochta
- Fostóirí – conas páirt a ghlacadh
- Réigiún an Oirthir
- Réigiún an Tuaiscirt
- Réigiún an Deiscirt
- Réigiún Lár na Tíre/ an Iarthair
- Imeachtaí Ar Líne
Tá Intreo ag eagrú Sheachtain an Mhíchumais, na hOibre agus na Scileanna ón 19 go dtí an 23 Deireadh Fómhair 2026.
I rith na seachtaine, eagróidh an Roinn Coimirce Sóisialaí réimse aontaí fostaíochta agus imeachtaí atá dírithe ar dhaoine faoi mhíchumas ar fud na tíre chun daoine faoi mhíchumas a nascadh le fostóirí, deiseanna fostaíochta, tacaíochtaí san ionad oibre agus roghanna oiliúna.
Seachtain an Mhíchumais, na hOibre agus na Scileanna Intreo – Daoine atá ag Lorg Fostaíochta
Is deis iontach í Seachtain an Mhíchumais, na hOibre agus na Scileanna do dhaoine faoi mhíchumas atá ag lorg deiseanna fostaíochta, oiliúna nó forbartha gairme. Trí fhreastal ar imeachtaí i rith na seachtaine, is féidir leat:
- bualadh le fostóirí atá tiomanta d’earcaíocht ionchuimsitheach
- eolas a fháil faoi fholúntais poist reatha agus deiseanna atá le teacht
- foghlaim faoi chláir oiliúna, oideachais agus forbartha scileanna
- rochtain a fháil ar eolas faoi thacaíochtaí san ionad oibre agus seirbhísí fostaíochta
- labhairt go díreach le baill foirne Intreo agus le heagraíochtaí tacaíochta eile
- muinín a chothú trí líonrú agus rannpháirtíocht le fostóirí
- eolas a fháil faoi na tacaíochtaí atá ar fáil chun cabhrú leat tosú ag obair nó filleadh ar an obair
- bealaí gairme agus tionscail éagsúla a fhiosrú
Níl aon chostas ag baint le freastal ar aon cheann dár n-imeachtaí.
Fostóirí – conas páirt a ghlacadh
Fostóirí – conas páirt a ghlacadh
Moltar d’fhostóirí de gach méid a bheith páirteach agus na tairbhí a bhaineann le hearcaíocht chuimsitheach a fháil amach. Trí bheith rannpháirteach, is féidir le fostóirí:
- Bualadh le daoine cumasacha agus le hiarrthóirí ionchasacha
- Folúntais a chur chun cinn
- Foghlaim faoi chleachtais earcaíochta atá cuimsitheach do dhaoine faoi mhíchumas
- Eolas a fháil faoi na tacaíochtaí airgeadais agus praiticiúla atá ar fáil agus foireann á hearcú
- Labhairt le baill foirne Intreo faoi na bealaí chun fostaíocht a bhaint amach
Níl aon chostas ar fhostóir as a bheith ag earcú ag ár n-imeachtaí.
Más mian leat páirt a ghlacadh mar fhostóir, seol ríomhphost chuig employer@welfare.ie
Réigiún an Oirthir
| Contae |
Teideal/Sonraí |
Am |
Láthair | Dáta |
|
Baile Átha Cliath |
2pm -5pm |
20/10/2026 |
||
|
Cill Dara |
9am-2pm |
Óstán Glenroyal |
22/10/2026 |
Réigiún an Tuaiscirt
| Contae |
Teideal/Sonraí |
Am |
Láthair | Dáta |
|
Muineachán |
11am – 1pm |
Leabharlann - Baile Mhuineacháin |
20/10/2026 |
|
|
Dún na nGall |
Aonach Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas |
10am– 2pm |
Óstán Gateway Inis Eoghain, Bun Cranncha |
21/10/2026 |
|
An Mhí |
10am-12pm |
Óstán Ardboyne |
22/10/2026 |
|
|
An Cabhán |
Tacaíochtaí Fostaíochta Míchumais |
10.30am-12.30pm |
Lárleabharlann an Chabháin |
23/10/2026 |
|
Lú |
11am-1pm |
Halla na nAlbanach, Droichead Átha |
23/10/2026 |
Réigiún an Deiscirt
| Contae |
Teideal/Sonraí |
Am |
Láthair | Dáta |
|
Ciarraí |
11am-3pm |
Óstán Chill Airne |
20/10/2026 |
|
|
Ciarraí |
10am – 4pm |
Ionad Siopadóireachta an Mhainéir Thiar, Trá Lí |
21/10/2026 |
|
|
Ceatharlach |
10am-1pm |
Lord Bagnel |
22/10/2026 |
|
|
Corcaigh |
10am-2pm |
Ionad Siopadóireachta Rinn Mhachan |
22/10/2026 |
|
|
Ciarraí |
10am-4pm |
Ionad Siopadóireachta an Mhainéir Thiar, Trá Lí |
22/10/2026 |
Réigiún Lár na Tíre/ an Iarthair
| Contae |
Teideal/Sonraí |
Am |
Láthair | Dáta |
|
Ros Comáin |
10.30am -1.30pm |
20/10/2026 |
||
|
An Clár |
10am-1.30pm |
Óstán Templegate, Inis, Co. an Chláir |
21/10/2026 |
|
|
An Iarmhí |
10.30am - 1.30pm |
21/10/2026 |
||
|
Gaillimh |
11am -12.30pm |
22/10/2026 |
||
|
Maigh Eo |
11am -12.30pm |
23/10/2026 |
Imeachtaí Ar Líne
| Contae |
Teideal/Sonraí |
Am |
Láthair | Dáta |
|
Port Láirge agus Loch Garman |
12pm-1pm |
Ar líne |
19/10/2026 |
|
|
Luimneach |
10am- 11am |
Ar líne |
20/10/2026 |