An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ceadú an rialtais faighte ag an Tánaiste an Glas Triarach a athchóiriú
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá ceadú an Rialtais faighte inniu (an 4 Márta 2025) ag an Tánaiste agus Aire Cosanta Simon Harris an sásra a dtugtar an ‘Glas Triarach’ air a athchóiriú.
De réir na moltaí, athrófar na socruithe faoina bhféadtar comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann a imlonnú le seirbhís a dhéanamh taobh amuigh den Stát.
Faoi na leasuithe, cuirfear le cumas na hÉireann tabhairt faoi bheartas eachtrach neamhspleách mar go mbainfear díobh an chumhacht atá ag buanchomhaltaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ár gcinntí ardcheannasacha náisiúnta a chrosadh. San am céanna, cinnteofar go mbeimid ag cloí i dtólamh leis na caighdeáin is airde den dlí idirnáisiúnta dá bhfuil ann.
Faoi na dréachtmholtaí, tiocfaidh fás ó 12 dhuine go 50 duine ar an líon pearsanra d'Óglaigh na hÉireann ar féidir iad a imlonnú mar chuid d’oibríocht tacaíochta síochána gan aon Rún sa Dáil ann ina leith. Seolfar an Bille ar aghaidh anois le haghaidh grinnscrúdú réamhreachtach.
Chomh maith leis na hathruithe ar an nGlas Triarach, tá dréachtmholtaí sa Bhille forálacha a leasú a bhaineann le himlonnú pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann in oibríochtaí aslonnaithe neamhchomhraiceacha.
Tá sé seo tábhachtach go háirithe i gcomhthéacs tacú le saoránaigh Éireannacha agus, san am céanna, muid ag cur le cosaint ár nAmbasáidí agus lenár ndualgais dlúthchosanta thar lear.
Ag labhairt dó i ndiaidh chruinniú an rialtais inniu, is é a dúirt an Tánaiste:
“Ábhar mórtais do mhuintir na hÉireann, agus an ceart againn, an ról atá comhlíonta ag comhaltaí Óglaigh na hÉireann i misin síochánaíochta ar fud an domhain. Cuireadh tús leis an obair thiar sa bhliain 1958, obair leanúnach atá ar bun gan stad gan staonadh ó shin. Faoi chóras reatha an ghlais triaraigh, áfach, tá sé de chumhacht ag tíortha mar an Rúis rannpháirtíocht na hÉireann i misin a chrosadh toisc gur buanchomhaltaí de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iad. Ní chreidimid gur cheart go mbeadh cros ag Putin ná ag aon cheannairí eile i gcinntí maidir lenar chóir trúpaí na tíre seo a imlonnú. Is dá bhrí sin atáim sásta ceadú an rialtais a fháil inniu an Glas Triarach a athchóiriú faoi mar a gheallamar a dhéanamh faoi Chlár an Rialtais.”
Is é seo a dúirt an Tánaiste ansin:
“Táimid ag maireachtáil le linn ré nua san Eoraip, ré ina bhfuil Éire ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin shuntasacha nua slándála agus chosanta, agus ní mór dúinn an fhreagairt is fearr ar na dúshláin a mheas. Is fada beartas den neodracht mhíleata i bhfeidhm in Éirinn, beartas a chiallaíonn nach mbímid páirteach i gcomhghuaillíochtaí míleata, i socruithe comhchosanta ná i socruithe frithpháirteacha cosanta. Ná bíodh aon amhras ann faoi, ní dhéanann na leasuithe atá molta ar an reachtaíocht seo difear dá laghad do bheartas neodrachta míleata na hÉireann. Deimhneofar dá mbarr go mbeimid ag cloí go leanúnach le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus leis an dlí idirnáisiúnta.”