Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Méadú faoi dhó ar mhaoiniú don phobal áitiúil sa Liobáin fógartha ag an Tánaiste Simon Harris

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe:
  • An t-eolas is déanaí:

D’fhógair an Tánaiste agus Aire Cosanta Simon Harris méadú inniu (an 26 Márta) ar an maoiniú do thionscadail le haghaidh Comhar Míleata Sibhialta (CIMIC) a fhaigheann tacaíocht ó phearsanra in Óglaigh na hÉireann atá ag fónamh le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).

Agus é ar cuairt ag trúpaí de chuid na hÉireann i gCampa na Seamróige, dheimhnigh sé go méadófaí an buiséad ón Vóta Cosanta le haghaidh CIMIC faoi dhó ó €40,000 go €80,000 do 2025. Úsáidfear an maoiniú seo chun tacú le tionscadail áitiúla phobail sa Limistéar Oibríochtaí IRISHPOLBATT i nDeisceart na Liobáine.

Agus an méadú ar mhaoiniú á fhógairt aige, is é seo a dúirt an Tánaiste:

“Cuirfidh an maoiniú seo ar a gcumas d’Óglaigh na hÉireann cloí lena dtraidisiún uasal den ghníomhaíocht dhaonnúil mar chuid dá ndualgais síochánaíochta. Rachaidh an maoiniú breise chun tacú níos mó lenár gcuid iarrachtaí agus cinnteofar dá réir go mbeimid in ann oibriú linn agus cúnamh a thabhairt, caidrimh a neartú agus tacú le téarnamh leanúnach na ndaoine is measa atá buailte ag an gcoinbhleacht seo. Caithimid aitheantas a thabhairt do mhisneach agus teacht aniar na ndaoine sa phobal seo atá thar a bheith inspioráideach, go háirithe nuair a chuimhnímid ar an léirscrios a rinneadh sa réigiún ar na mallaibh. Is fearr a bheidh pearsanra de chuid na hÉireann in ann difear a dhéanamh i saol daoine atá buailte ag an gcoinbhleacht de thairbhe an mhéadaithe ar an mbuiséad le haghaidh CIMIC. Déanfar cúinsí a fheabhsú go díreach ar mhaithe le pobail áitiúla sna tionscadail seo.”

Mar chuid den mhéid atá á chur leis an gcomhtháthú agus forbairt pobail, ina réimse oibríochtaí den chuid is mó, tugann díorma UNIFIL na hÉireann tacaíocht do mhicrithionscadail a bhaineann le comhar míleata sibhialta (CIMIC). An aidhm atá ann ná beatha na ndaoine sna pobail a mbíonn trúpaí de chuid na hÉireann ag fónamh iontu a fheabhsú.

Beidh trúpaí de chuid na hÉireann ag obair leo i ndlúthchomhar le húdaráis áitiúla agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun na tionscnaimh ríthábhachtacha seo a chur i bhfeidhm. Léiriú atá sa mhaoiniú seo, mar aon le maoiniú ó Chúnamh Éireann, ar thacaíocht láidir an rialtais ar son ról Óglaigh na hÉireann i síochánaíocht na Náisiún Aontaithe agus ar thiomantas leanúnach na hÉireann chun seasmhacht a chothú sa réigiún.

Nótaí

Is éard is tionscadail CIMIC (Comhar Míleata Sibhialta) tionscnaimh ina mbíonn fórsaí míleata ag comhoibriú le heagraíochtaí sibhialtacha, rialtais, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus pobail áitiúla chun tacaíocht a thabhairt in oibríochtaí forbartha, oibríochtaí cabhrach daonnúla agus oibríochtaí seasmhachta.

Na cineálacha tionscadal atá á meas le haghaidh maoiniú:

  • athchóiriú ar ionad pobail áitiúil – tacaíocht do cheardlanna agus ranganna forbartha scileanna ionas go mbeidh mná in ann fostaíocht agus neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach
  • athchóiriú ar ionad forbartha sóisialta – acmhainn ríthábhachtach do mhná agus páistí ina reáchtáiltear ranganna oideachais agus ina bhfuil ionad beag sláinte
  • deisiúcháin agus athchóiriú ar chórais íonaithe uisce – ionas go mbeidh teacht ar uisce óil glan sábháilte
  • deisiúcháin agus athchóiriú ar chórais áitiúla leictreacha – iontaofacht an bhonneagair a fheabhsú do phobail áitiúla

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat