An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Plean Náisiúnta Leathanbhanda
Maidir leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda
Is é an Plean Náisiúnta Leathanbhanda tionscnamh suaitheanta an Rialtais don bhonneagar digiteach, tionscnamh atá ceaptha chun leathanbhanda snáithín ardluais agus iontaofa a sholáthar do thithe, d'fheirmeacha, do ghnólachtaí, do scoileanna agus d'áiseanna pobail i gceantair nach bhfuil oibritheoirí tráchtála ag freastal orthu.
Tá sé ar cheann de na tionscadail bhonneagair is mó dár tugadh faoi riamh in Éirinn, agus é ar an infheistíocht is suntasaí sa nascacht tuaithe ó leictriú na tuaithe. Bonneagar Snáithín go dtí an Baile (FTTH) atá á sholáthar ag an líonra; leathanbhanda a sheasfaidh an aimsir agus atá in ann tacú le cianobair, le hoideachas ar líne, le cúram sláinte digiteach, le feirmeoireacht chliste, le ríomhthráchtáil agus le deiseanna gnó den chéad ghlúin eile.
Tá luasanna leathanbhanda de 500 meigighiotán in aghaidh an tsoicind ar a laghad á soláthar ag an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda ón tús Seasfaidh an líonra seo an aimsir, agus é in ann luasanna suas le 10Gbps a sholáthar.
Agus an clár curtha i gcrích, beidh fáil ag thart ar 1.1 milliún duine ar fud na tuaithe in Éirinn ar leathanbhanda snáithín ardluais.
Is bliain shuntasach é 2026 don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda. Tá tógáil an phríomhlíonra bonneagair le cur i gcrích ar fud na tíre faoi dheireadh na bliana. Ba í Cill Chainnigh an chéad chontae inar críochnaíodh an obair i mí an Mheithimh, agus leanfar léi ar feadh na bliana go dtí go mbeidh Luimneach, an contae deireanach, réidh i mí na Nollag.
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí: