An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Comóradh Stáit: Céad Bliain ann Ó chuaigh Pictiúrlann Dhrom Collachair Trí Thine
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Is é an T.D. Patrick O’Donovan T.D., an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a bheidh mar óstach ann i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
Láthair: Carrchlós Shéipéal Naomh Parthalán, Drom Collachair, Contae Luimnigh
Dáta: Dé Sathairn, an 5 Meán Fómhair 2026
Am: Caithfidh gach aoi a bheith suite faoi 11.20 r.n. Ní ligfear isteach aon duine a thagann go déanach. Tosóidh an searmanas oifigiúil ag 12:00 i.n.
Forléargas ar an Imeacht
I mbliana beidh 100 bliain ann ó chuaigh Pictiúrlann Dhrom Collachair trí thine, tubaiste inar bhásaigh 48 duine go tragóideach nuair a chuaigh pictiúrlann sheiftithe trí thine. Fuair 10% de dhaonra an tsráidbhaile bás sa tine úd.
Is príomh-imeacht i gClár Chomóradh Céad Bliain Dhrom Collachair é an Comóradh Stáit seo.
Buaicphointí an Chláir
- Ráitis oifigiúla agus spreagaitheasc ón Taoiseach
- Léirithe ceoil agus cultúir
-Nochtadh na plaice
-Searmanas oifigiúil curtha crann
-Searmanas fleascleagain oifigiúil
Clárú agus ticéid
Is imeacht poiblí é seo a bhfuil saorchead isteach ann. Fós féin, caithfear clárú roimh ré chun áit a chinntiú ó tharla nach bhfuil spás ann ach do líon áirithe daoine ar an láthair.
Beidh ticéid ar fáil trí RSPVify – is clárú ‘ANSEO’
Breis Eolais
Craolfar an t-imeacht beo ar Chainéal RTÉ agus beidh sé ar fáil ar Seinnteoir RTÉ.
Le haghaidh an scéala is déanaí agus breis sonraí, lean ár gcainéil oifigiúla ar na meáin shóisialta agus tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Na meáin shóisialta: Instagram, Facebook, LinkedIn, Twitter
Teachtaireacht Comórtha
An comóradh seo ar thubaiste a tharla i Luimneach fadó, is deis é chun teacht le chéile mar náisiún chun ómós a léiriú i gcuimhne iadsan a cailleadh chomh maith le hiadsan a tháinig slán agus gan a saol riamh mar a bhí ón lá sin amach.