An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
An Ciste Saoráidí Spóirt Pobail – Conas iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Caithfidh príomhtheagmhálaí ainmnithe d'eagraíochta gach iarratas ar Íocaíocht a chur isteach tríd an ríomhphost. Tá mionsonraí teagmhála oifigigh ainmnithe na Roinne thíos.
Cuir ainm agus contae d'eagraíochta i líne ábhair an ríomhphoist.
Ba cheart uimhir thagartha an deontais a chur i gcorp an ríomhphoist (i.e. CAS-XXXXX-XXXXXX), má tá fáil uirthi, mar aon le hUimhir Chlárúcháin Chánach (TRN) d'eagraíochta.
Ba cheart na doiciméid agus an fhaisnéis seo a leanas a sheoladh chuig an Roinn tríd an ríomhphost.
Tabhair do d'aire, ní mór gach doiciméad a chur ar aghaidh nó diúltófar do d'iarratas.
Sonrasc
Ní mór sonrasc mionsonraithe CBL ón soláthraí faofa a chur isteach agus ní mór seoladh na heagraíochta a bheith luaite air. Tabhair do d'aire nach nglacfar le sonraisc nó orduithe pro forma.
Cruthúnas ar Íocaíocht
Ní mór ráiteas bainc a thaispeánann go soiléir an t-idirbheart ábhartha leis an gconraitheoir/soláthraí a chur ar fáil. I gcás ina ndearnadh an íocaíocht le seic, ní mór cóip den seic a chur ar fáil freisin.
Deimhniú um Chomhlíonadh
Ní mór Deimhniú um Chomhlíonadh a chomhlánú go hiomlán le haghaidh gach iarratas ar íocaíocht. Tá an doiciméad sin ar fáil lena íoslódáil thíos.
An Íocaíocht Dheireanach
D'fhonn íocaíocht dheireanach an deontais do d'eagraíocht a tharraingt anuas, éilíonn an Roinn ceann amháin nó an dá cheann de na nithe seo a leanas, chomh maith leis na doiciméid a luadh thuas:
Comhartha/Greamán an Tairbhí
Éilítear ar gach faighteoir maoiniú deontais comhartha tairbhí a chur in airde. Má bhaineann do dheontas le trealamh agus sin amháin, ní gá duit an comhartha iomlán a chur in airde, ach éilítear ort greamán tairbhí beag a chur ar cheann de na píosaí trealaimh a maoiníodh nó in áit fheiceálach i do chlubtheach. Is féidir an chomharthaíocht a ordú ach ríomhphost a sheoladh chuig sports.signage@lottery.ie. I gcás nach bhfuil an comhartha/na greamáin faighte agat fós, is leor cóip den ríomhphost a sheol an Crannchur Náisiúnta chun an t-ordú a dheimhniú.
Deimhniú Críochnaithe
Éilítear Deimhniú Críochnaithe le haghaidh deontas caipitil os cionn €25,000. Caithfidh maoirseoir teicniúil neamhspleách é sin a eisiúint, seachas an conraitheoir a chuir na hoibreacha i gcrích. Caithfidh an maoirseoir teicniúil a bheith ina innealtóir/ailtire/shuirbhéir cainníochta deimhnithe. Caithfidh an litir a bheith ar pháipéar ceannteidil ón maoirseoir teicniúil, agus ní mór na hoibreacha a cuireadh i gcrích, an dáta agus síniú a bheith inti, mar aon le ráiteas go bhfuil an tionscadal curtha i gcrích go sásúil de réir an chaighdeáin riachtanaigh agus go bhfuil gach ní in ord. Ní mór a dheimhniú go bhfuil an tréimhse dliteanais lochtanna thart (más ann di).
Sonraí
Seol na doiciméid go léir a éilítear tríd an ríomhphost chuig an oifigeach ábhartha le haghaidh do chontae. Má fhaigheann tú an teachtaireacht "as an oifig" ón oifigeach, seol an ríomhphost ar aghaidh chuig sportscapitalprogrammes@ccs.gov.ie
|
DEONTAIS ÁITIÚLA AMHÁIN (SEACHAS ÚDARÁIS ÁITIÚLA) |
|
|
Contae |
Teagmháil |
|
Ceatharlach |
|
|
An Cabhán |
|
|
An Clár |
|
|
Corcaigh |
|
|
Dún na nGall |
|
|
Baile Átha Cliath |
|
|
Gaillimh |
|
|
Ciarraí |
|
|
Cill Dara |
|
|
Cill Chainnigh |
|
|
Laois |
|
|
Liatroim |
|
|
Luimneach |
|
|
An Longfort |
|
|
Lú |
|
|
Maigh Eo |
|
|
An Mhí |
|
|
Muineachán |
|
|
Uíbh Fháilí |
|
|
Ros Comáin |
|
|
Sligeach |
|
|
Tiobraid Árann |
|
|
Port Láirge |
|
|
An Iarmhí |
|
|
Loch Garman |
|
|
Cill Mhantáin |
|
|
DEONTAIS ÚDARÁS RÉIGIÚNACH AGUS ÁITIÚIL |
|
|
Contae |
Teagmháil |
|
Réigiúnach |
|
|
Údarás Áitiúil |
|