An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tábhacht na nascachta digití
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Is mó i bhfad an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ná luasanna idirlín níos gasta. Baineann sé lena chinntiú go mbeidh teacht ag gach pobal in Éirinn ar an mbonneagar a bhfuil gá leis chun páirt iomlán a ghlacadh i saol eacnamaíoch agus sóisialta an lae inniu.
Is seirbhís riachtanach anois é an leathanbhanda snáithín ardluais, a thacaíonn lenár gcuid oibre, lenár gcuid foghlama, le rochtain ar chúram sláinte, le reáchtáil gnó agus le fanacht nasctha lenár dteaghlaigh agus lenár bpobail. Tá i bhfad níos mó i gceist leis an nascacht dhigiteach ná an tionchar a bhíonn aici ar an teaghlach nó ar an ngnó aonair a fhaigheann nasc leathanbhanda.
Léirítear i dtaighde ar bhuntáistí indíreacha na hinfheistíochta leathanbhanda gur féidir le nascacht dhigiteach fheabhsaithe geilleagair áitiúla a neartú, táirgiúlacht a mhéadú, tacú leis an bhfiontraíocht agus cabhrú le pobail fanacht bríomhar agus teacht aniar a bheith iontu. Cuireann leathanbhanda ardluais iontaofa ar chumas gnólachtaí margaí nua a bhaint amach, teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh chucu féin agus dul san iomaíocht ar bhealach níos éifeachtaí, beag beann ar a suíomh.
Baineann tábhacht ar leith leis na buntáistí seo i gcás cheantair thuaithe na hÉireann. Fágann an nascacht snáithín gur rogha réalaíoch í an chianobair agus an obair hibrideach, rud a thugann deis do dhaoine cur fúthu agus oibriú ina bpobail féin agus deiseanna fostaíochta a thapú ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta.
Tacaíonn sé le teicneolaíocht na talmhaíochta beaichte agus na feirmeoireachta cliste, le gnólachtaí turasóireachta, leis na tionscail chruthaitheacha agus le fiontair áitiúla a bhíonn ag brath ar sheirbhísí digiteacha ó lá go lá.
Tá na buntáistí sóisialta chomh tábhachtach céanna. Feabhsaíonn leathanbhanda ardluais an rochtain ar oideachas agus ar oiliúint ar líne, ar sheirbhísí poiblí digiteacha, ar theileashláinte agus coinní cúraim sláinte, chomh maith le seirbhísí pobail agus deonacha.
Anuas air sin, maolaíonn sé an t-aonrú, go háirithe i gcás daoine scothaosta agus iad siúd a chónaíonn i gceantair níos iargúlta, trí chumarsáid agus rochtain ar fhaisnéis a dhéanamh níos éasca agus níos iontaofa.
Dá réir sin, is infheistíocht é an Plean Náisiúnta Leathanbhanda a chruthaíonn deiseanna nua. Trí leathanbhanda snáithín ardluais a sholáthar do cheantair nach ndéanfadh infheistíocht thráchtála amháin freastal orthu, cabhraíonn sé lena chinntiú nach bhfuil an tíreolaíocht ina bac a thuilleadh ar oideachas, ar fhostaíocht, ar nuálaíocht ná ar sheirbhísí poiblí.
Ní hionann leathadh amach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus áitribh a nascadh le líonra snáithín amháin; is éard atá i gceist leis ná pobail a nascadh le deiseanna nua agus cabhrú le todhchaí níos nasctha, níos athléimní agus níos rathúla a thógáil.