An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ó Fhréamhacha Éireannacha go dtí An Teach Bán: Conair Uachtaráin Mheiriceá agus an leabhar The Presidents’ Paths seolta ag an Aire Patrick O’Donovan mar chuid de Chlár Mheiriceá250
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Cuirfidh an clár náisiúnta Mheirceá250 fréamhacha oidhreachta a chruthóidh nasc idir pobail Éireannacha agus Uachtaráin SAM a mhair ag tréimhsí difriúla
Tá mórthionscnamh nua á sheoladh mar chuid de Mheiriceá250 a bhfuil sé mar aidhm leis nasc a chruthú idir pobail ar fud na hÉireann agus na daoine a ceapadh mar Uachtaráin ar na Stáit Aontaithe. Is é Meiriceá250 an clár comórtha atá forbartha in Éirinn chun comóradh a dhéanamh ar 250 bliain ó síníodh Forógra na Saoirse.
Is sraith crann agus painéal léirmhíniúcháin a bheidh i gConair Uachtaráin Mheiriceá a bheidh in úsáid chun aird a tharraingt ar na dlúthnaisc oidhreachta agus stairiúla idir Éire agus roinnt mhaith Uachtarán Meiriceánach.
Beidh an tionscnamh á sheoladh go hoifigiúil ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D. in sa Bhrú, Contae Luimnigh, ar an Satharn, an 4 Iúil 2026; an lá a mbeidh 250 bliain de neamhspleáchas Mheiriceá á cheiliúradh. Déanfar comóradh ar nasc oidhreachta theaghlach an Uachtaráin John F. Kennedy leis an gcomharsanacht i rith an imeachta.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Donovan inniu:
Tá oidhreacht beagnach leath d’uachtaráin Mheiriceá fréamhaithe i mbailte, sráidbhailte agus pobail Éireannacha. Is deis é an tionscadal seo chun aitheantas a thabhairt don dlúthnasc seasmhach sin, trí chonair oidhreachta uathúil a fhorbairt a chruthaíonnn nasc díreach idir ár bpobail áitiúla agus stair an Tí Bháin.
Go háirithe ba mhaith liom moladh a thabhairt don Teachta Edward Timmins as a thiomantas don tionscadal comórtha tábhachtach seo, a dheonacht oibriú liom air seo chun na naisc idir an dá náisiún a neartú agus bunús go leor uachtarán Mheiriceá a aithint.
Cuirfidh imeacht Luimnigh tús le sraith imeachtaí cur crann a bheidh á n-eagrú ag údaráis áitiúla a bhfuil naisc aitheanta acu le huachtaráin ar leith níos déanaí sa bhliain. Forbrófar painéil eolais bhuana in éineacht le staraithe agus beidh siad á suiteáil ag suíomhanna rannpháirteacha. Inseofar scéal an Uachtaráin a bhfuil nasc aige leis an bpobal agus cruthófar acmhainn oidhreachta bhuan do chuairteoirí agus do phobal na háite chomh maith céanna.
Cuirfidh an cur chuige pobalbhunaithe seo ar chumas na n-údarás agus na bpobal áitiúil ceiliúradh a dhéanamh ar na naisc speisialta atá acu féin leis na Stáit Aontaithe ar bhealaí a thugann léargas ar a n-oidhreacht agus traidisiúin féin fad is a bheidh an comóradh ar siúl.
Cuid d’oidhreacht bhuan Mheiriceá250 a bheidh i gConair na nUachtarán, a bhunóidh líonra buan de láithreáin chomórtha a tharraingeoidh aird ar an tslí ar chuir Éire le scéal Mheiriceá agus chomh maith leis sin tarraingeoidh sé aird ar na naisc sheasmhacha idir pobail ar fud na hÉireann agus na daoine difriúla a ceapadh ina nUachtaráin ar na Stáit Aontaithe.
Ina theannta sin, d’fhógair an tAire, mar aon le hAire Pobail Thuaisceart Éireann, Gordon Lyons, MLA, eisiúint foilseacháin nua dar teideal The Presidents’ Paths: Life Stories of Irish America over 300 Years. Sa chomhleabhar seo, comhoibriú idir an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus an Roinn Pobail, déantar cur síos ar gach ceann d’Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá a raibh fréamhacha sinsearacha acu ar oileán na hÉireann. Tá an foilseachán, a scríobh an Dr Angela Byrne, deartha chun bheith ina acmhainn do gach léitheoir ar spéis leo staidéar a dhéanamh ar Uachtaránacht na Stát Aontaithe mar institiúid agus ar scéal ginearálta na nÉireannach i Meiriceá araon.
Beidh foilseachán eile dírithe ar léitheoirí óga ag gabháil leis níos déanaí sa bhliain. Le chéile, méadóidh na foilseacháin seo feasacht ar na naisc iomadúla atá ag Éirinn le hUachtaránacht na Stát Aontaithe thar na céadta bliain agus ar fud gach réigiún den oileán.
Cuirfear na foilseacháin seo ar fáil saor in aisce i gcomhréir le prionsabal inrochtaineachta comórtha na Roinne.
Nótaí d’eagarthóirí
Meiriceá250
In 2026 tá comóradh á dhéanamh ar 250 bliain ó síníodh Forógra na Stát Aontaithe ar an 4 Iúil 1776.
Is deis atá sa chomóradh seo chun machnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh seanbhunaithe atá idir Éire agus na Stáit Aontaithe agus ceiliúradh a dhéanamh ar na naisc chultúrtha, stairiúla, pholaitiúla agus theaghlaigh atá forbartha idir an dá chultúr le breis is 250 bliain anuas.
Conair Uachtaráin Mheiriceá
Is tionscnamh comórtha é Conair na nUachtarán arb é an aidhm atá leis aird a tharraingt ar shuíomhanna a bhfuil baint acu le hUachtaráin na Stát Aontaithe a bhfuil naisc oidhreachta nó theaghlaigh acu le hÉirinn.
Mar chuid den tionscnamh comórtha beidh crainn á gcur, beidh cláir léirmhíniúcháin agus phobalbhunaithe bhuana á n-eagrú i rith 2026 agus 2027.