€254,754 fógartha ag an Aire Martin sna Chéad Bhabhtaí Tairisceana faoi Shruth A agus B den Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022 d’eagraíochtaí na n-ealaíon agus an chultúir
- Foilsithe: 17 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá dámhachtainí fógartha inniu ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., sa chéad bhabhta tairisceana de Shruth A agus B na Scéime Caipitil Cultúir 2019-2022.
Tá maoiniú caipitil ar fiú €254,754 é, á bhronnadh ar ocht n-eagraíocht ealaíon agus cultúir chun uasghrádú agus forbairt a dhéanamh. Tá tuilleadh measúnaithe á dhéanamh ar an gcuid eile de na hiarratais a bheadh i dteideal dámhachtain faoi Shruthanna A agus B agus déanfar cinneadh maidir leo seo sna míonna atá amach romhainn.
Tá an maoiniú seo mar chuid de scéim ghinearálta infheistíochta chaipitil €4.7m le haghaidh bonneagar na n-ealaíon agus an chultúir ar fud na tíre. Tá an maoiniú á chur ar fáil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, Togra Éireann 2040. Leagtar amach in Infheistíocht inár gCultúr, ár dTeanga & ár nOidhreacht 2018-2027 cuspóirí an Rialtais i dtaca le infheistíocht chaipitil i gcultúr, i dteanga agus in oidhreacht na hÉireann.
Beidh an Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022 i bhfeidhm go dtí 2022 agus faoin Scéim díreofar ar fheabhsuithe a dhéanamh ar na hionaid ealaíon agus cultúir atá cheana féin ar fud na tíre. Tá sé seo ag teacht le bearta an Rialtais maidir leis an athrú aeráide, mar go dtugann an scéim tús áite do thograí a laghdaíonn lorg carbóin na heagraíochta, rud a mbeidh tionchar suaithinseach agus dearfach aige ar an timpeallacht.
Beidh buntáiste freisin ag tograí a sholáthraíonn acmhainneacht bhreise d’ealaíontóirí agus do léiriúcháin chruthaitheacha, go háirithe in ionaid ealaíon. Tá ceithre shruth maoinithe ar leith sa Scéim nua seo agus cuireann sé leis an Scéim Caipitil Ealaíon agus Cultúir 2016-2018, ar éirigh chomh maith sin leis.
Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Martin:
"Cúis áthais dom an maoiniú seo a bhronnadh inniu ar na heagraíochtaí ealaíon agus cultúir seo. Tugann an scéim caipitil seo tús áite do thograí a laghdaíonn lorg carbóin na heagraíochta. Tá sé seo de réir bhearta an Rialtais maidir leis an athrú aeráide agus tá ríméad orm go mbeidh tionchar suaithinseach agus dearfach ag cuid de na tograí seo ar an timpeallacht."
"Tá buntáiste tugtha freisin do thograí a sholáthraíonn acmhainneacht bhreise d’ealaíontóirí agus do léiriúcháin chruthaitheacha, go háirithe in ionaid ealaíon. Baineann an infheistíocht seo le cineálacha éagsúla áiseanna, ina measc ionaid ealaíon, amharclanna, gailearaithe agus músaeim, chomh maith le stiúideonna agus spásanna cruthaitheacha, agus tá sé mar aidhm aige eispéireas níos fearr a chur ar fáil don lucht spéise, agus ag an am céanna, na háiseanna a fheabhsú. Cinnteoidh an pacáiste maoinithe seo go ndéanfar cosaint agus cothú ar an infheistíocht a bhí déanta cheana féin sna hionaid ealaíona agus chultúir seo. Tá an maoiniú seo atá á fhógairt agam inniu sa bhreis ar an maoiniú a d’fhógair mé le deireanas do Shraith C, le haghaidh spásanna oibre na n-amharc-ealaíontóirí, a thagann freisin faoin scéim ghinearálta seo. Guím gach rath, san am atá le teacht, ar na háiseanna ealaíon agus cultúir seo."
Nótaí
Is iad na hocht dtogra a bhfuil maoiniú bronnta orthu i bhfógra an lae inniu ná:
An chéad bhabhta maoinithe faoi Shruth A agus B den Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022