Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Plean Náisiúnta Leathanbhanda i mbéal a chríochnaithe agus roinnt imeachtaí críochnaithe le bheith ar siúl i mí Mheán Fómhair

Garspriocanna le baint amach i sé chontae

Inniu mhol an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, dul chun cinn an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda anois agus garspriocanna críochnaithe le baint amach i gcontaetha Mhuineacháin, Laoise, Liatroma, Shligigh, Uíbh Fhailí agus Chill Dara i mí Mheán Fómhair. Fágann soláthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda sna contaetha sin go bhfuil fáil anois ag breis is 80,000 áit chónaithe, feirm agus gnólacht ar leathanbhanda snáthoptaice ar ardluas. Toradh é sin ar infheistíocht thart ar €315 milliún ón Rialtas.

Ag labhairt dó le déanaí, dúirt an tAire O’Donovan:

“Beidh garsprioc shuntasach eile ann i gcur chun feidhme an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda i mí Mheán Fómhair, tráth a mbeidh imeachtaí críochnaithe contae ar siúl ar fud na tíre de réir mar a chuirfear tógáil an phríomhbhonneagair i gcrích i ngach contae. Déanfaidh na himeachtaí ceiliúradh ar chríochnú an phríomhbhonneagair faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda agus ar nascacht leathanbhanda ar ardluas a bheith ar fáil do na mílte áiteanna cónaithe, feirmeacha agus gnólachtaí."

“Is é an Plean Náisiúnta Leathanbhanda an infheistíocht is suntasaí i nascacht faoin tuath ó leictriú na tuaithe, agus tá dea-thorthaí á mbaint amach cheana féin ar fud na tíre – ní hamháin go bhfuil fáil ag na céadta mílte áitreabh ar an líonra anois ach tá níos mó daoine ag nascadh leis an líonra ná mar a bhíothas ag súil leis. Tábhachtach go leor, tá tógáil an phríomhbhonneagair ar fad ag dul ar aghaidh de réir an sceidil go fóill, agus an obair sin le críochnú faoi dheireadh 2026. Garsprioc nach beag é sin maidir le leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do chách ar fud na tuaithe in Éirinn.”

Nótaí don Eagarthóir

Sceideal críochnaithe mhí Mheán Fómhair

  • Laois – 7 Meán Fómhair 2026, Ionad Pobail Bhaile an Bhiocáire
  • Liatroim – 14 Meán Fómhair 2026, Ionad Gnó The Hive, Cora Droma Rúisc
  • Sligeach – 15 Meán Fómhair 2026, Cláirseacha an Oirthir CLG, Cnoc Uí Chonchúir
  • Uíbh Fhailí – 21 Meán Fómhair 2026, Comhairle Contae Uíbh Fhailí, Tulach Mhór
  • Cill Dara – 28 Meán Fómhair 2026, Seomraí na Comhairle, Áras Chill Dara, an Nás

Buaicphointí de réir contae

Muineachán (imeacht críochnaithe le teacht)

  • 16,000 áitreabh san áireamh i soláthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.
  • Infheistíocht €60 milliún ón Rialtas.
  • Fáil ag breis is 15,900 áit chónaithe, feirm agus gnólacht ar an líonra snáthoptaice cheana féin.

Laois

  • 13,000 áitreabh san áireamh i soláthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.
  • Infheistíocht €49 milliún ón Rialtas.
  • Fáil ag breis is 12,900 áit chónaithe, feirm agus gnólacht ar an líonra snáthoptaice cheana féin.

Liatroim

  • 12,000 áitreabh san áireamh i soláthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.
  • Infheistíocht €46 milliún ón Rialtas.
  • Fáil ag breis is 11,400 áit chónaithe, feirm agus gnólacht ar an líonra snáthoptaice cheana féin.

Sligeach

  • 15,000 áitreabh san áireamh i soláthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.
  • Infheistíocht €59 milliún ón Rialtas.
  • Fáil ag breis is 13,400 áit chónaithe, feirm agus gnólacht ar an líonra snáthoptaice cheana féin.

Uíbh Fhailí

  • 13,000 áitreabh san áireamh i soláthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.
  • Infheistíocht €48 milliún ón Rialtas.
  • Fáil ag breis is 12,600 áit chónaithe, feirm agus gnólacht ar an líonra snáthoptaice cheana féin.

Cill Dara

  • 15,000 áitreabh san áireamh i soláthar an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.
  • Infheistíocht €53 milliún ón Rialtas.
  • Fáil ag breis is 14,700 áit chónaithe, feirm agus gnólacht ar an líonra snáthoptaice cheana féin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat