Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an tAire O’Donovan maoiniú de bhreis agus €370,000 don Scéim um Fhéilte Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh ar Scála Beag 2026

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu leithdháileadh maoinithe dar luach €371,792.25 do 105 imeacht chun tacú le Féilte Áitiúla agus Scoileanna Samhraidh ar Scála Beag a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann in 2026.

Ceapadh an scéim chun cabhrú le himeachtaí cultúrtha áitiúla nach bhféadfadh a bheith incháilithe do mhaoiniú faoi na critéir mhaoinithe a bhaineann le himeachtaí ar scála níos mó, cosúil leo siúd a fhaigheann tacaíocht ó Fáilte Ireland, ón gComhairle Ealaíon agus ó chomhlachtaí comhchosúla. Ba é 1pm an 2 Aibreán 2026 an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach. Rinneadh maoiniú a leithdháileadh tar éis próiseas iarratais iomaíoch, agus is é €5,000 an deontas uasta atá ar fáil.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire O’Donovan:

Tá ról thar a bheith tábhachtach ag an gcultúr agus ag na healaíona maidir lenár sochaí a shaibhriú, pobail a neartú agus oidhreacht uathúil na hÉireann a chaomhnú. Le tacaíocht ó mo Roinn, leanann féilte agus scoileanna samhraidh ar fud na tíre de dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine chun teagmháil a dhéanamh lena chéile, agus ár dtraidisiúin chomhroinnte a fhoghlaim agus a cheiliúradh.

Léiríonn na himeachtaí seo saibhreas shaol cultúrtha na hÉireann agus an dúthracht agus an chruthaitheacht a léiríonn na heagraithe, na hoibrithe deonacha, na healaíontóirí agus na pobail a bhíonn ina mbun. Gabhaim buíochas ó chroí le gach duine atá páirteach ann agus molaim do chách taitneamh a bhaint as an gclár den scoth d’imeachtaí cultúir a bheidh ar siúl ar fud na tíre i rith 2026.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Miondealú ar Leithdháiltí 2026:

Small Scale Local Festivals and Summer Schools Scheme 2026

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat