Ceapadh chathaoirleach agus comhaltaí nua Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- Foilsithe: 16 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cheap an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an tUasal Eoin McVey mar Chathaoirleach Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá cúig bliana curtha isteach ag an Uasal McVey mar chomhalta cheana féin.
Cheap an tAire na daoine seo a leanas chomh maith mar chomhaltaí boird Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
- Lisa Grimm,
- An tOllamh Kalpana Shankar,
- An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh,
- John Grenham,
- Lorelei Harris, agus
- Caitriona Sharkey
Rinneadh na ceapacháin seo tar éis comórtas oscailte de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Rinneadh na ceapacháin de réir an Achta um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997 agus mairfidh siad ar feadh téarma 5 bliana.
Ag cur fáilte roimh na ceapacháin, dúirt an tAire:
“Tá an-áthas orm an tUasal Eoin McVey a cheapadh mar Chathaoirleach Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá neart taithí ag Eoin don phost agus beidh ról ríthábhachtach aige i stiúradh na Leabharlainne Náisiúnta tríd na dúshláin iomadúla a chuireann COVID-19 roimh an earnáil chultúrtha.
Tá áthas orm freisin seisear comhalta a cheapadh ar an mBord. Tá a fhios agam go gcinnteoidh na baill nua seo go leanfaidh an Leabharlann Náisiúnta lena bheith ar cheann de na Forais Chultúir Náisiúnta is suntasaí atá againn. Gabhaim buíochas le Comhaltaí uile an Bhoird as na róil seo a ghlacadh agus as a gcuid scileanna agus saineolais a thabhairt chuig an mBord. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le baill an Bhoird a bhfuil a dtéarmaí caite, as a gcuidiú láidir le roinnt blianta anuas.
Nótaí
Tá sonraí chomhaltaí an bhoird thíos:
Tabhair faoi deara: * Dara téarma oifige