Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceolchoirmeacha stairiúla Live Aid á gcur os comhair an phobail i dtaispeántas grianghraf nua i gCiarraí

Osclaíodh taispeántas grianghraf nua don phobal in Oifigí an Rialtais, Cill Airne, Co. Chiarraí, lena gcuirtear íomhánna ó na ceolchoirmeacha suntasacha Live Aid a bhí ar siúl i Staid Wembley agus i Staid JFK in Iúil 1985 os comhair an phobail, taobh le taispeántais chlosamhairc.

Áirítear breis agus seachtó grianghraf, lena léirítear an t-imeacht tábhachtach i dTaispeántas Live Aid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Cuireadh ceoltóirí ar fud an domhain le chéile ag na ceolchoirmeacha, lena ndíríodh aird an domhan ar thionchair mhillteanacha an ocrais dhomhanda.

Measadh go raibh lucht féachana 1.9 billiún – ar fud 150 tír – ag féachaint orthu trí mheán nasc satailíte nach bhfacthas riamh, agus b’ionann é agus ceann de na craoltaí teilifíse is mó a bhí ann riamh.

Sa taispeántas tá grianghraif de cheoltóirí éagsúla mór le rá na linne sin lena n-áirítear Status Quo, Madonna, U2, David Bowie, Tina Turner agus Run DMC.

Sheol an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., é ar an gcéad dul síos i Meán Fómhair 2025 ag an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath agus cruthaíodh leagan taistil den taispeántas do Chiarraí, áit inar féidir féachaint air saor in aisce i bhfáiltiú an bhunurláir, Oifigí an Rialtais, An Bóthar Nua, Cill Airne. Beidh an taispeántas fós ar siúl i mBarra an Teampaill.

Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, TD:

“Is deas an rud é go bhfuil an taispeántas seo ar fáil lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, lena gcuirtear rochtain phoiblí níos fearr ar fáil don léargas uathúil. Léirítear sna híomhánna sin síor-chomhbhá na hÉireann leis na daoine faoi thionchar ghnéithe éagsúla an ocrais dhomhanda.”

Dúirt Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Dr Audrey Whitty:

“Is ionann Live Aid agus am cinniúnach cultúrtha ó na 1980idí. Cuimhnítear air mar imeacht domhanda agus mar fhreagairt ar an ngéarchéim dhaonnúil san Aetóip. Gabhaim buíochas le Band Aid Charitable Trust as a thabhartas fial den chartlann a thug siad do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, agus tá an t-ábhar anois á choinneáil mar chuid de na bailiúcháin náisiúnta. Is ón gcartlann sin atá an taispeántas grianghraf seo agus í á tabhairt chuig lucht féachana i gCiarraí”

Cuireadh an tsraith ghrianghraf i mbun coimeádaíochta ó Chartlann Band Aid Trust, a bronnadh ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in 2017.

Tá an taispeántas oscailte anois don phobal ó am go 6pm, Luan go hAoine.

Nótaí d’eagarthóirí

Griangraf ar fáil anseo.

Maidir le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Is leabharlann taifid d’Éirinn í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Bunaíodh í in 1877, agus bíonn scéal na hÉireann á chomhroinnt aici leis an saol mór trí mheán a bailiúchán uathúil. Tá breis agus dhá mhilliún déag ball faoi chúram na Leabharlainne Náisiúnta, lena n-áirítear leabhair, lámhscríbhinní, nuachtáin, grianghraif, priontaí, léarscáileanna, líníochtaí, ábhar gearrshaolach, ceol agus meáin dhigiteacha. Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar oscailt, saor in aisce do gach duine is mian leo féachaint ar na bailiúcháin. Féach www.nli.ie.

Mar cheiliúradh 40 bliain Live Aid in 2025, chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann roghnúchán de 2,000 grianghraf ó Chartlann Band Aid Trust ar fáil ar líne. Léirítear sna híomhánna sin an tréimhse roimh an dá cheolchoirm agus léirithe ag an dá cheolchoirm, agus is féidir rochtain a dhéanamh orthu ag www.nli.ie, pé áit ina bhfuil breathnóirí lonnaithe.

Instagram: @nationallibraryofireland

Facebook: @NationalLibraryofIreland

LinkedIn: https://ie.linkedin.com/company/nationallibrary-of-ireland

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar The Commons | Flickr

Oifigí an Rialtais, Cill Airne

Tá an foirgneamh, ar a dtugtar Oifigí an Rialtais, suite ar an mBóthar Nua, Cill Airne ó 2007 (Eircode V93 A49X). Tógadh é don Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta ar an gcéad dul síos, faoi láthair tá feidhmeannas na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ann agus cuid den Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat