An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Cultúr agus Spórt á gCeiliúradh: An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt tar éis Clár Spleodrach a Fhógairt le haghaidh an Chomórtais Treabhdóireachta
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt le Filleadh ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta in 2026
Tá an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt tar éis clár spleodrach imeachtaí éagsúla a fhógairt le haghaidh Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2026. Tabharfar le chéile in Ollphuball na Roinne forais chultúrtha náisiúnta, comhlachtaí spóirt, agus eagraíochtaí ealaíon traidisiúnta d'fhonn oidhreacht, saol fuinniúil, agus ealaíona cruthaitheacha spleodracha na hÉireann a léiriú ó thús deireadh an imeachta trí lá.
Beidh cuairteoirí ar Mhol an Chultúir agus an Spóirt in ann taitneamh a bhaint as raon leathan eispéiris idirghníomhacha, ceardlann, agus taibhithe beo do dhaoine idir óg agus aosta:
- An Chartlann Náisiúnta: Ár Scéal: Daonáireamh 1926, súil siar ar an saol in Éirinn 100 bliain ó shin trí dhoiciméid stairiúla, íomhánna, agus taifid daonáirimh tar éis eisiúint Dhaonáireamh Shaorstát Éireann, 1926.
- An Ceoláras Náisiúnta: Seisiúin bheo ceoil thraidisiúnta lán fuinnimh le The Wild Turkeys roinnt uaireanta sa lá.
- An Fardal Náisiúnta maidir le hOidhreacht Chultúir Dholáimhsithe: Beidh scoth an cheoil thraidisiúnta le cloisteáil san ollphuball agus grúpaí de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ó Chontae na hIarmhí agus Contae Uíbh Fhailí ina bhun. Beidh Cumann Caoladóireachta na hÉireann ag reáchtáil taispeántais phraiticiúla sa chaoladóireacht freisin.
- Spórt Éireann agus Comhlachtaí Comhpháirtíochta: Rannpháirtíocht do chách á cur chun cinn i ngach ceann de na 29 gComhpháirtíocht Áitiúil Spóirt in Éirinn. I measc na dtaispeántas idirghníomhach beidh an dúshlán rollóra rothaíochta ag Rothaíocht Éireann, uirlisí inrochtaineachta VR ar spéaclaí cliste Meta ag Vision Sports Ireland, agus ionsamhlóirí amasaithe ag Galf Dhá Mhaide Éireann.
- Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: Ceardlanna ginealais le cabhrú le cuairteoirí stair a muintire a rianú siar, cainteanna ar thraidisiúin chócaireachta na hÉireann trí leabhair chócaireachta stairiúla, agus beidh Léarscáileanna Choimisiún na bPortach ar taispeáint, doiciméad atá 200 bliain d'aois agus nach minic a fheictear go poiblí.
- An Chomhairle Ealaíon: I measc na mbuaicphointí beidh damhsa ar an sean-nós, ceardlanna sa lásadóireacht thraidisiúnta, scríbhneoireacht chruthaitheach do leanaí agus seisiúin amharc-ealaíne, gan trácht ar scéalta ón mbéaloideas le hAindrias de Staic.
- Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandachtaí de bhunadh na hÉireann (i Mol 5): Gníomhaíochtaí praiticiúla ina mbreathnófar ar dhéantáin mhacasamhlacha Lochlannacha, criadóireacht sa Chré-umhaois Luath, taispeántas cuiginne, agus seisiúin sainaitheanta blaoisce.
Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, TD:
Is cuid de dhlúth agus d'inneach an tsaoil faoin tuath in Éirinn é an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, rud a fhágann gurb é an áit is fearr é lenár n-oidhreacht choiteann, ár dtraidisiúin bheo, agus earnáil bhríomhar ealaíon a cheiliúradh. Ó bhreathnú go mion ar thaifid nua-eisithe ó Dhaonáireamh 1926 i dteannta na Cartlainne Náisiúnta, go blaiseadh de shaothar na gceoltóirí traidisiúnta agus na gceardaithe is fearr dá bhfuil sa tír, is iontach an deis a thugann clár na bliana seo do phobail nascadh go díreach leis na forais chultúrtha a chosnaíonn scéal na tíre seo.
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue, TD, freisin:
Tá ról nach beag ag spórt agus gníomhaíocht coirp i sláinte, folláine, agus spiorad mhuintir na tuaithe in Éirinn. Trí Spórt Éireann agus na coistí náisiúnta rialaithe, tá muid iontach sásta eispéiris inrochtana, idirghníomhacha spóirt a thabhairt chuig an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta. Cibé acu atá tú ag déanamh triail ama ar rollóir rothaíochta nó ag baint triail as teicneolaíocht oiriúnaitheach spóirt atá ar thús cadhnaíochta le Vision Sports Ireland, is aidhm linn i gcónaí cur le deiseanna rannpháirtíochta do dhaoine de gach aois agus cumas.
Tá cuireadh á thabhairt do bhaill den phobal a bheidh i láthair ag Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2026 cuairt a thabhairt ar Ollphuball an Chultúir agus an Spóirt am ar bith i gcaitheamh na dtrí lá le labhairt le baill foirne, taitneamh a bhaint as na taibhithe beo, agus páirt a ghlacadh i dtaispeántais idirghníomhacha.
CRÍOCH