Fáiltíonn an tAire O’Donovan roimh Fhógra BiggerStage – Troy Studios
- Foilsithe: 29 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 29 Eanáir 2026
Chuir an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, fáilte inniu (29 Eanáir) roimh an bhfógra faoi chomhaontú mór ilmhilliún euro idir BiggerStage, Troy Studios de chuid Hackman Capital Partners, agus The MBS Group chun mol léiriúcháin neamhscriptithe domhanda a bhunú ag Troy Studios i Luimneach.
Is ionann an chomhpháirtíocht nua agus ceann de na hinfheistíochtaí is suntasaí in earnáil léiriúcháin scáileáin na hÉireann le blianta beaga anuas. Feicfidh sí an dá chuideachta ag obair le chéile thar roinnt blianta chun formáidí móra teilifíse idirnáisiúnta a mhealladh go hÉirinn, agus BiggerStage ag léiriú tionscadal ar an láthair agus ag tacú le tionscnaimh fhorleathana forbartha scileanna agus oiliúna.
Beidh Troy Studios – an t-ionad léiriúcháin is mó agus is nua-aimseartha in Éirinn – ina lárionad freisin chun maoin intleachtúil bhunaidh a fhorbairt, rud a chuirfidh spás ar fáil inar féidir formáidí siamsaíochta domhanda a thriail ar scála mór. Táthar ag súil go dtosóidh roinnt tionscadal píolótach do chomhpháirtithe idirnáisiúnta in 2026, mar aon le bunchlársceidealú atá ag fás ar BiggerStage.
Tá fás suntasach tagtha ar léiriúchán teilifíse idirnáisiúnta in Éirinn le trí bliana anuas, rud a chruthaigh na céadta post oilte. Ó 2021 i leith, tá níos mó ná 250 uair an chloig de chláir phríomh-ama léirithe ag BiggerStage in Éirinn, lena n-áirítear formáidí móra idirnáisiúnta ar nós The Floor, Next Level Chef, Beat Shazam, Name That Tune, agus Don’t Forget The Lyrics.
Ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tAire O’Donovan:
Is comhartha láidir eile é an fógra seo go bhfuil Éire oscailte, iomaíoch agus uaillmhianach maidir le hinfheistíocht san earnáil seirbhísí cruthaitheacha. Ní hamháin go meallfaidh cruthú mol domhanda do léiriúchán neamhscriptithe ag Troy Studios imreoirí móra idirnáisiúnta go Luimneach, ach léiríonn sé an bonneagar, an tallann, an chruthaitheacht agus an saineolas léiriúcháin atá ag Éirinn chun ceannaireacht a dhéanamh sa réimse seo.
Neartóidh an mol nua geilleagar cruthaitheach na hÉireann, spreagfaidh sé forbairt réigiúnach san Iarthar Láir, leathnóidh sé deiseanna oiliúna agus scileanna, agus neartóidh sé seasamh na hÉireann mar cheann scríbe den scoth do léiriúchán scáileáin idirnáisiúnta.
CRÍOCH