An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Fáilte curtha ag an Aire Patrick O’Donovan roimh thuarascáil neamhspleách de chuid Ookla® ina ndeimhnítear go bhfuil feabhas ollmhór tagtha ar fheidhmíocht an leathanbhanda faoin tuath faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá fáilte curtha ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, roimh fhoilsiú tuarascála neamhspleáiche de chuid Ookla®, ceannródaí domhanda san fhaisnéis nascachta agus an comhlacht atá taobh thiar de Speedtest® agus Downdetector®, ina ndeimhnítear go bhfuil feabhas ollmhór tagtha ar fheidhmíocht an leathanbhanda faoin tuath in Éirinn mar gheall ar an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP).
Cuirtear in iúl sa tuarascáil, atá bunaithe ar shonraí tástála luais arna meaitseáil le limistéar idirghabhála an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, gur tháinig méadú ar na luasanna íoslódála airmheánacha sna limistéir sin ó 11.60 Mbps in 2019 go 156.99 Mbps faoi lár 2026, nó i bhfocail eile, méadú faoi 13.5 ar fheidhmíocht an leathanbhanda.
Tugann torthaí an taighde le fios freisin go bhfuil méadú tagtha ar na luasanna uaslódála airmheánacha ó 4.67 Mbps go 49.48 Mbps, agus go bhfuil an bhearna i bhfeidhmíocht an leathanbhanda idir áiteanna faoin tuath agus áiteanna uirbeacha tar éis laghdú ó thart ar 5:1 go 1.6:1.
Ag labhairt le déanaí, dúirt an tAire O’Donovan:
Is fianaise láidir í an tuarascáil neamhspleách seo go bhfuil an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ag athrú na nascachta digití ó bhonn ar fud na tuaithe in Éirinn. Is léiriú í go bhfuil pobail a bhí ar na cinn ba lú nascacht sa tír tráth ag baint leas anois as bonneagar snáthoptaice den chéad scoth agus as feidhmíocht leathanbhanda atá ag druidim de réir a chéile le feidhmíocht na gceantar uirbeach.
Tá laghdú nach beag tagtha ar an mbearna idir ceantair uirbeacha agus thuaithe ó thaobh leathanbhanda de. Fágann sé sin go mbeidh a thuilleadh deiseanna ann le haghaidh cianoibre, oideachais, cúram sláinte, feirmeoireachta, fiontraíochta agus forbairt pobail ar fud na tíre.
Dúirt Luke Kehoe, Príomhanailísí Tionscail, Ookla:
An rud is suntasaí i sonraí Ookla ná a sciobtha a athraíonn feidhmíocht an leathanbhanda faoin tuath in Éirinn a luaithe a thagann an líonra snáthoptaice ar an bhfód. Tá méadú níos mó ná faoi thrí déag tagtha ar na luasanna íoslódála airmheánacha ar fud an limistéir idirghabhála ó 2019 i leith, agus tá an bhearna le ceantair uirbeacha na hÉireann tar éis laghdú ó bheagnach a cúig in aghaidh a haon go dtí thart ar 1.6 in aghaidh a haon. Athrú suntasach é sin i dtír ina bhfuil ceann de na daonraí tuaithe is scaipthe dá bhfuil in Iarthar na hEorpa. Is é an chéad cheist eile ná a mhéid a ghlacfar leis an mbonneagar seo agus a mhéid a aistreofar ina luach geilleagrach agus sóisialta níos leithne é.
Dúirt an tAire go dtugann na torthaí fiúntas d’infheistíocht fhadtéarmach an Rialtais sa bhonneagar snáthoptaice. Mar a deirtear sa tuarascáil, tá ceann de na daonraí tuaithe is scaipthe dá bhfuil in Iarthar na hEorpa againn in Éirinn, áit ar gnách tithe aonuaire a bheith sínte amach ar bhóithríní fada seachas cnuasaithe le chéile i mbailte. Sa limistéar idirghabhála deiridh, tá níos lú ná an ceathrú cuid d’áitribh an Stáit, ach clúdaíonn sé 96% den achar talún. Bhí níos mó ná 100,000km de bhealaí snáthoptaice ag teastáil le freastal ar an limistéar go léir, agus níos lú ná sé áitreabh ann in aghaidh an chiliméadair. D’fhág sé sin nach raibh sé inmharthana ar bhonn tráchtála agus is é sin an fáth ar stop scór blianta de rolladh amach faoi chinnireacht an mhargaidh san áit ar thosaigh an limistéar idirghabhála.
Tá an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ag soláthar leathanbhanda snáthoptaice ardluais do níos mó ná 560,000 áitreabh i gceantair nach raibh sé i gceist ag oibritheoirí tráchtála infheistíocht a dhéanamh iontu. Tá an líonra atá á chur ar fáil in ann freastal ar sheirbhísí il-ghigighiotán, rud a chinnteoidh go mbeidh pobail tuaithe réidh do riachtanais dhigiteacha na todhchaí.
Thug an tAire chun suntais go bhfuil an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ag dul ar aghaidh de réir an sceidil agus an bhuiséid, agus an phríomhchéim tógála bonneagair le bheith críochnaithe i ngach contae faoi dheireadh 2026.
Dúirt an tAire O’Donovan an méid seo chomh maith:
Tá níos mó i gceist leis seo ná rochtain thapa ar an idirlíon amháin. Is éard atá i gceist leis i ndáiríre ná forbairt réigiúnach chothrom a chumasú, tacú le gnólachtaí dúchasacha, infheistíocht a mhealladh isteach, agus a chinntiú gur féidir le daoine a bheith ag cur fúthu agus ag obair i ngach uile chuid den tír agus na deiseanna digiteacha céanna a bheith acu.
Thug an tAire aitheantas freisin don obair atá curtha isteach ag National Broadband Ireland (NBI), ag na húdaráis áitiúla, ag na conraitheoirí agus ag na pobail ó cheann ceann na tíre atá ag tacú le rolladh amach an tionscadail ón gcéad lá riamh.
Anois agus an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ag teacht chun deiridh, tá an Rialtas tiomanta i gcónaí do nascacht uilíoch ardluais a chur ar fáil agus a chinntiú gur féidir le gach áras cónaithe, feirm agus gnólacht in Éirinn páirt iomlán a ghlacadh sa gheilleagar digiteach.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire O’Donovan:
Tá an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ar cheann de na tionscadail bonneagair dhigitigh is uaillmhianaí ar thug an Stát faoi riamh. Tugann na sonraí neamhspleácha a foilsíodh le fios go bhfuil ag éirí leis fíorthorthaí intomhaiste a bhaint amach do mhuintir na tuaithe agus é ag déanamh a chion féin tír níos nasctha, níos iomaíche agus níos ionchuimsithí a thógáil.
Is féidir breathnú ar thuarascáil neamhspleách Ookla anseo.
CRÍOCH
MAIDIR LE OOKLA®
Ceannródaí domhanda san fhaisnéis nascachta is ea Ookla, comhlacht de chuid Accenture, a thugann le chéile saineolas iontaofa Speedtest®, Downdetector®, Ekahau® agus RootMetrics® le léargas gan sárú ar chúrsaí líonraithe agus nascachta a chur ar fáil. Cuireann siad sonraí ó fhoinsí éagsúla le chéile leis an saineolas is fearr dá bhfuil sa tionscal chun táscairí feidhmíochta líonra a athrú ina léargas straitéiseach ar féidir gníomhú dá réir.
Tugann a gcuid réitigh na sonraí agus an léargas do sholáthraithe seirbhíse, d’fhiontair agus do rialtais atá de dhíth orthu le líonraí a bharrfheabhsú, eispéiris dhigiteacha a fheabhsú agus an deighilt dhigiteach a dhúnadh. Ag an am céanna, tugaann siad guth do na daoine aonair agus na gnólachtaí a bhraitheann ar nascacht le bheith ag obair, ag foghlaim agus ag déanamh cumarsáide. Ó thomhas agus anailís a dhéanamh ar nascacht go nuálaíocht sa tionscal a bhrú chun cinn, coinníonn Ookla an saol mór nasctha.