Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an Rialtas infheistíocht €7.6 milliún i gCiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide III

Ciste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide III (2026-2029) chun maoiniú nach bhfacthas riamh a chur ar fáil chun tacú le 11 thionscadal chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta, lena n-áirítear dhá thionscadal trasteorann faoi snáithe Oileáin Chomhroinnte an Chláir

Ag tacú leis an gciste seo ar fud an rialtais tá an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Roinn an Taoisigh agus EirGrid

D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt Patrick O'Donovan TD agus an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil Darragh O'Brien TD inniu na hiarratasóirí rathúla ar an gCiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide III. I ndiaidh glao oscailte agus próiseas meastóireachta, beidh 11 eagraíocht san iomlán ag stiúradh tionscnaimh chruthaitheacha, chultúrtha agus ealaíonta um ghníomhú ar son na haeráide ar fud na tíre.

Ag tacú leis an gciste tá an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Roinn an Taoisigh, agus oibritheoir na heangaí leictreachais náisiúnta, EirGrid. Leanfar leis an rath a bhain dhá chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide roimhe seo leis na tionscadail seo agus léirítear leo an infheistíocht aonair is mó faoin tionscnamh go dtí seo

Gheobhaidh gach ceann de na 11 thionscadal rathúla uasmhéid de €750,000 thar tréimhse ceithre bliana idir 2026 agus 2029. I measc na dtionscadal rathúil tá na samplaí seo a leanas:

* Clár smaointeoireachta deartha uile-oileáin, á stiúradh ag Creative Futures Academy, agus cuirfidh an clár seo borradh faoi phleananna laistigh de Phobail Fuinnimh Inmharthana

* Stiúrtha ag An Taisce, beidh cleachtóirí cruthaitheacha ag obair in éineacht le pobail chun maoirseacht phortaigh a chruthú i dtailte móna Shliabh Beatha, ar fud contae Mhuineacháin, contae Fhear Manach agus contae Thír Eoghain.

* Trí sheanchas agus taiscéalaíocht ilchéadfach, ginfidh mic léinn agus céimithe thionscadal WAVE Ollscoile Teicneolaíochta an Atlantaigh conair chuimsitheacha i dtreo gníomhú ar son na haeráide do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do chónaitheoirí tithíochta faoi thacaíocht.

* Stiúrtha ag Lárionad Mháire Mhic Róibín, tacóidh clár Oileáin Chomhroinnte 'éascaitheoirí bia' le healaíontóirí, eolaithe, saothróirí, agus pobail chun córais bhia áitiúla a athshamhlú.

* Stiúrtha ag Carthanacht Hometree, forbrófar múnla inscálaithe do ghníomhú ar son na haeráide faoi stiúir phobail i gcoillearnach agus tailte portaigh ar fud Dhún na nGall, Shligigh, na Gaillimhe, an Chláir agus Chiarraí.

Ag caint inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin TD: “Tá tionchar an athraithe aeráide feicthe ag pobail ar fud oileán na hÉireann cheana féin. Éascaíonn an chomhpháirtíocht seo idir an Tionscnamh Oileáin Chomhroinnte agus an Ciste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide rannpháirtíocht ar bhonn trasteorann chun cabhrú le freagairt don dúshlán comhroinnte riachtanach seo agus dul i ngleic leis. Cuirim fáilte roimh an dá thionscadal shuntasacha seo a áireamh a bhainfidh leas as cumhacht an chultúir agus na cruthaitheachta chun daoine a thabhairt le chéile agus chun cabhrú le todhchaí níos fearr, níos inbhuanaithe, agus níos comhroinnte a thógáil.”

Dúirt an tAire Patrick O’Donovan: “Léirigh rath an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide le sé bliana anuas an fíorluach a bhaineann leis na hearnálacha cruthaitheacha agus cultúrtha chun daoine a spreagadh chun teacht le chéile agus a bheith rannpháirteach sa ghníomhú ar son na haeráide ar bhealach cuimsitheach agus inrochtana. Tá cur chuige uaillmhianach ag na

11 tionscadal seo maidir le saincheisteanna aeráide ar an talamh agus gan dabht cuirfidh siad le léiriú chumhacht claochlaithe na cruthaitheachta chun saincheisteanna teibí a aistriú go gníomhaíocht inláimhsithe.”

Dúirt an tAire Darragh O'Brien: “Tá ról tábhachtach ag ár sochaí san iomlán, earnáil chruthaitheach na hÉireann san áireamh, sa chomhoibriú maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide. Cuirfidh na tionscadail a fógraíodh inniu borradh faoin athrú córasach atá de dhíth orainn chun dul in oiriúint do ghéarchéim a bhfuil tionchar uirthi cheana féin ar phobail ar fud an Oileáin, agus í a mhaolú. Is ábhar sásaimh dom tacú le Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, ciste a sholáthraigh níos mó ná €250m do 1570 tionscadal ar fud na tíre go dtí seo, ó bhonneagar fuinnimh go painéil ghréine do scoileanna, a chabhróidh le hÉirinn ár spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach. Leanfaidh mé orm ag cuardach deiseanna chun an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide a úsáid chun borradh a chur faoinár n-aistriú agus chun tacú lenár bpobail ina gcuid iarrachtaí chun troid i gcoinne an athrú aeráide.”

Dúirt Cathal Marley, POF EirGrid: “Is mór d’EirGrid tacú leis an tionscnamh seo a bheidh tionchar mór aige ar chúrsaí. Trí chistí sochair pobail atá bunaithe ag EirGrid, tuigimid luach na gníomhaíochta faoi stiúir an phobail chun torthaí dearfacha bithéagsúlachta agus inbhuanaitheachta a sheachadadh. Bainfidh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide III leas as an gcruthaitheacht chun pobail ar fud na hÉireann a spreagadh chun páirt a ghlacadh maidir le todhchaí níos inbhuanaithe a chruthú.”

Is féidir teacht ar eolas faoi na 11 tionscadal a roghnaíodh anseo.

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí:

* Ó 2021 i leith, infheistíodh €8.5m san iomlán leis an gClár Éire Ildánach, tríd an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus Roinn an Taoisigh, i 57 tionscadal um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide.

* Tá sé mar aidhm ag Tionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais lánacmhainneacht Chomhaontú Aoine an Chéasta a chur chun tairbhe chun comhoibriú, ceangal agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán agus chun dul i gcomhar le gach pobal agus traidisiún chun chomhréiteach a chothú maidir le todhchaí chomhroinnte.

* Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail a chabhróidh le hÉirinn a spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach. Cuirfidh an Ciste €500 milliún ar a laghad i maoiniú rialtais ar fáil go dtí 2027 i dtreo an chuspóra sin. Cuirfidh an Ciste tacaíocht ar fáil do thionscnaimh nuálacha nach bhféadfaí a bhaint amach murach sin. Tá an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (RAFC) freagrach as bainistiú an Chiste.

Tá ranníocaíocht an Chiste mar chuid den Chlár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide, a bhfuil sé beartaithe leis €65m san iomlán de mhaoiniú a chur ar fáil ón gCiste do thionscadail phobail agus tionscnaimh forbartha acmhainní a chuirfidh le baint amach spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh.

* Agus é mar Oibreoir Chóras Tarchuir na hÉireann, tá ról lárnach ag EirGrid maidir leis na heangacha leictreacha a fheidhmiú, fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú, agus an bonneagar is gá a sheachadadh chun tacú le héileamh atá ag fás agus le córas fuinnimh atá ag athrú go tapa.

* Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig Glao Deontais na Cruthaitheachta - Creative Ireland Programme

Tá eolas ar thionscadail a maoiníodh roimhe seo faoi Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide ar fáil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat