Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan €377,336 faoin Scéim Spásanna Oibre d’Ealaíontóirí

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu go bhfuil deontais chaipitil de €377,336 bronnta ar thrí Údarás Áitiúla chun suas le cúig spás oibre d’ealaíontóirí a fhorbairt. Cuirtear an maoiniú seo ar fáil faoin Scéim Spásanna Oibre d’Ealaíontóirí, scéim infheistíochta caipitil €6m d’Údaráis Áitiúla chun cur ar a gcumas acmhainn agus infhaighteacht bhreise spásanna oibre d’ealaíontóirí a sholáthar ina réigiúin.

Seoladh Scéim Spásanna Oibre na nEalaíontóirí ar dtús ar an 12 Meitheamh 2024. Leis an bhfógra inniu, is ionann an tsuim iomlán a bronnadh faoin scéim go dtí seo agus €1,586,190.

Faoin scéim, tá maoiniú suas le €300,000 ar fáil do cheantair Údaráis Áitiúil a bhfuil daonra dlúth iontu. Tá maoiniú suas le €150,000 ar fáil do cheantair nach bhfuil chomh dlúth sin. Níl aon dáta deiridh ag an scéim agus fanfaidh sí ar oscailt go dtí go mbeidh an ciste ídithe.

Comhlíonann an scéim chaipitil €6 milliún seo gealltanas an Rialtais faoin gClár Rialtais chun soláthar spásanna oibre inacmhainne d’ealaíontóirí agus do chleachtóirí cruthaitheacha a mhéadú agus a chinntiú go seachadfar gealltanais infheistíochta caipitil sna healaíona agus sa chultúr in am, mar atá leagtha amach i dTionscadal Éireann 2040.

Ag labhairt dó inniu dúirt an tAire Patrick O’Donovan:

“Tá áthas orm maoiniú €377,336 a fhógairt faoin Scéim Spásanna Oibre d’Ealaíontóirí. Is infheistíocht ríthábhachtach in ealaíontóirí agus inár bpobail chruthaitheacha an maoiniú a chuirtear ar fáil tríd an scéim seo. Cabhróidh an maoiniú seo le spásanna slána, inacmhainne a sholáthar inar féidir le healaíontóirí saothar nua a chruthú, turgnaimh a dhéanamh agus comhoibriú. Agus é sin á dhéanamh acu, leanfaidh ealaíontóirí orthu ag neartú ár mbailte agus ár bpobail bheoga agus ag spreagadh na nglún atá le teacht ag an am céanna."

“Tá sé á léiriú go seasta go bhfuil easpa spásanna oibre d’ealaíontóirí ar fud na tíre. Mholfainn d’Údaráis Áitiúla eile nár chuir isteach faoin scéim seo go fóill leas a bhaint as an maoiniú chun spásanna oibre d’ealaíontóirí atá de dhíth go géar orthu a fhorbairt ina gceantair.”

Cuireann an scéim seo leis an maoiniú €3 milliún a leithdháil an Roinn ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath in 2023 mar chuid den Chlár Spás chun Cruthaitheachta. Leithdháileadh an maoiniú seo i dtreo spásanna oibre d’ealaíontóirí a sholáthar i roinnt suíomhanna i lár na cathrach agus tá na tionscadail seo á ndéanamh faoi láthair.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tá an Scéim fós oscailte d’iarratais agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas:

gov.ie - Creative Arts: Grants and Funding (www.gov.ie).

Is iad seo a leanas na trí Údarás Áitiúla a leithdháileadh maoiniú orthu faoin bhfógra inniu:

Deontaí

Suíomh

Deontas €

Comhairle Contae Cheatharlach

Tulach

€77,336

Comhairle Contae Dhún na nGall

An Lorgan Buí, Baile Dhún na nGall

€150,000

Comhairle Contae Loch Garman

Baile Loch Garman

€150,000

Iomlán

 

€377,336

 

Tá liosta iomlán d’eagraíochtaí ar bronnadh deontais orthu faoin Scéim Spásanna Oibre Ealaíontóirí ar fáil ag Creative Arts: Grants and Funding

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat