Fógraíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, maoiniú níos mó ná €125,000 chun tacú le healaíona na hÉireann ar fud na cruinne

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, maoiniú níos mó ná €125,000 chun tacú le healaíona na hÉireann ar fud na cruinne

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., maoiniú €126,780 níos mó do Chultúr Éireann chun tacú le healaíona na hÉireann timpeall an domhain. Tacóidh an maoiniú le 23 tionscadal a léireoidh scannán, litríocht, ceol, drámaíocht agus amharc-ealaíona na hÉireann ar fud na cruinne.

Agus í ag fógairt na dámhachtainí, dúirt an tAire Martin go bhfuil sé “barrthábhachtach go dtacaímid lenár n-ealaíontóirí agus iad ag obair ar bhealaí nua agus nuálacha sa tréimhse seo nach raibh a leithéid ann riamh cheana. Tá áthas orm go gcabhraíonn an tacaíocht seo a chuireann Cultúr Éireann ar fáil le go leor ealaíontóirí chun a saothar a léiriú ar líne do lucht féachana domhanda ag féilte, ó na Stáit Aontaithe go dtí an Ríocht Aontaithe, agus ón Eoraip go dtí an Áis le linn mhí an Mhárta.”

I measc na dtionscadal atá maoinithe sa bhabhta deontas seo tá léiriú ar líne Fishamble de Blueberry Hill le Sebastian Barry agus Silent le Pat Kinevane le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus sruthú beo shaothar is deireanaí Dead Centre ‘To be a Machine’ ag Féile Taibhealaíona agus Sochaí Groningen, san Ísiltír agus Féile Kampagel in Hamburg, sa Ghearmáin. I measc na gceoltóirí a bheidh ar an stáitse beidh Mick Flannery agus Susan O’Neill in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí, a ndéanfar sruthú air sna Stáit Aontaithe i gcompháirt le hionaid i Meiriceá Thuaidh agus Féile Great Music in Irish Houses ar líne a léireofar sa Bhreatain i mí an Mheithimh 2021.

Léireofar taispeántas aonair ‘Summer Room’ le Bea McMahon i Treignac Projet, Treignac, sa Fhrainc i Meitheamh-Lúnasa 2021 agus léireofar Between You and Me, le Gailearaí MART in Los Angeles. Tá tacaíocht san áireamh do léiriú scannáin Éireannacha Screen America agus Toronto Irish Film Festival. Ó thaobh na litríochta de, léireoidh Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath naonúr údar Éireannach ag Féile Idirnáisiúnta Litríochta Blue Metropolis, Québec, Ceanada, 28 Aibreán - 2 Bealtaine 2021 agus ag Solas Nua in Washington DC i mí an Mheithimh 2021.

Cinntíonn an tacaíocht a thugann Cultúr Éireann do ghníomhaíochtaí ar líne gur féidir le healaíontóirí na hÉireann lucht féachana domhanda a mhealladh, lucht féachana i dtíortha nach bhfaca saothar na n-ealaíontóirí go fóill san áireamh.

Féach ar www.cultureireland.ie, le do thoil, i gcomhair liosta iomlán bhabhta deontas mhí Feabhra 2021.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat