Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí ceapachán Amanda Bennett chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rámhaíocht Éireann

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, agus an tAire Stáit um Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue TD, inniu ceapachán Amanda Bennett chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar chultúr eagraíochtúil Chlár Ardfheidhmíochta Rámhaíochta Éireann, a idirghníomhaíochtaí sa réimse seo le Spórt Éireann, agus moltaí a sholáthar de réir mar is iomchuí.

Iar-imreoir rugbaí idirnáisiúnta na Breataine Bige, oibríonn Amanda Bennett anois mar chomhairleoir i rialachas spóirt agus d’oibrigh sí le raon eagraíochtaí chun struchtúir rialachais a neartú, lena n-

áirítear Cumann Peile Shasana, Aontas Rugbaí na hÉireann agus comhlachtaí spóirt deonacha níos lú.

Beidh Kathryn Ball, comhairleoir ardfheidhmíochta agus iar-rámhaí na Breataine a ghlac páirt i gCluichí Oilimpeacha 1984, ag tacú le Amanda Bennett agus í ag déanamh an athbhreithnithe.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire O’Donovan:

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don taithí a roinn roinnt lúthchleasaithe i gClár Ardfheidhmíochta Rámhaíochta Éireann agus moladh a thabhairt dóibh as teacht chun cinn. Tá taithí shuntasach ag Amanda san earnáil spóirt mar lúthchleasaí agus mar shaineolaí rialachais araon, agus dá bhrí sin tá sí i riocht iontach chun an obair thábhachtach seo a dhéanamh. Le linn an phróisis, beidh sí ag plé le rámhaithe ardfheidhmíochta reatha agus iar-rámhaithe chun a gcuid taithí, tuairimí agus smaointe a chloisteáil.

Dúirt an tAire Stáit McConalogue:

Is freagracht chomhroinnte í cosaint lúthchleasaithe ag gach leibhéal den spórt agus tá ceachtanna le foghlaim ó phróiseas Rámhaíochta Éireann. Is deis í an t-athbhreithniú chun an chaoi a bhfreagraíonn Rámhaíocht Éireann do shaincheisteanna cosanta sa todhchaí a neartú agus chun dea-chleachtas a leabú in earnáil spóirt na hÉireann ar bhealach níos leithne, mar shampla i gcomhthéacs an chéad Pholasaí Náisiúnta Spóirt eile atá á fhorbairt faoi láthair.

Cuirfear tús leis an bpróiseas athbhreithnithe sna seachtainí amach romhainn agus meastar go mbeidh sé críochnaithe faoi dheireadh na bliana.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat