Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin gur ceapadh Cathaoirleach Nua Amharclann na Mainistreach
- Foilsithe: 1 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin gur ceapadh Cathaoirleach Nua Amharclann na Mainistreach
D’fhógair an tAire Catherine Martin T.D. gur ceapadh John Cronin mar Chathaoirleach Amharclann na Mainistreach.
Tagann an ceapachán i bhfeidhm ó inniu ar feadh téarma 4 bliana agus tar éis ghlao oscailte ar léiriú spéise a d’fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Ag labhairt faoin gceapachán, dúirt an tAire Martin:
“Tá áthas orm a fhógairt gur ceapadh John Cronin mar Chathaoirleach Nua Bhord Amharclann na Mainistreach, le héifeacht ó mhí 1 Lúnasa 2024. Déanaim comhghairdeas agus gabhaim buíochas le John as glacadh leis an ról tábhachtach seo. Mar Chathaoirleach an Bhoird beidh ról ríthábhachtach ag John i rialachas, maoirseacht agus treo straitéiseach Amharclann na Mainistreach. Táim muiníneach go gcuirfidh John a thaithí agus a fhís fhairsing le hAmharclann na Mainistreach agus guím gach rath air ina ról thar na ceithre bliana atá romhainn.”
Nótaí d’Eagarthóirí
John Cronin
Is Iar-Chathaoirleach agus Comhpháirtí Bainistíochta é John Cronin i ngnólacht dlí McCann FitzGerald. Chaith John Cronin beagnach trí bliana mar Stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Fhéile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath. Ar leithligh, bhí sé ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ar Kingspan Group ar feadh naoi mbliana agus is iar-Uachtarán agus comhalta boird é ar Chumann Tráchtála na Breataine-na hÉireann. Tá ról comhairleach aige le Kildare Village/Value Retail agus tá poist chomhairleacha aige le roinnt eintiteas thar lear.