Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire O’Donovan Machnamh ar thréimhse rathúil do Thionscal Scannán na hÉireann agus Fleadh Scannán na Gaillimhe ag tosú

Chuir Patrick O’Donovan TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, fáilte roimh oscailt an 38ú Fleadh Scannán na Gaillimhe a bheidh ar siúl ón lá inniu, an 7 Iúil, go dtí an Domhnach an 12 Iúil. Is imeacht bliantúil tábhachtach é seo do gach duine laistigh de thionscal scannán na hÉireann agus is am é le haghaidh machnaimh agus ceiliúrtha agus cuirfidh sé deiseanna ar fáil do thionscadail chruthaitheacha amach anseo.

Ag labhairt dó inniu, Dúirt an tAire O’ Donovan:

“Lean an Rialtas ar aghaidh de bheith ag infheistiú sa tionscal scannán trí Fhís Éireann agus faoin Scéim Faoisimh Cánach Scannán faoi Alt 481. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do gach duine a oibríonn chomh dian sin chun torthaí a bhaint amach bliain i ndiaidh bliana i dtionscal scannán na hÉireann.”

“Is ceiliúradh iontach ar an obair chrua sin é Fleadh Scannán na Gaillimhe agus go leor scannán ag fáil a gcéadtaibhiú in Éirinn sna laethanta amach romhainn. Cabhróidh maoiniú agus tacaíocht ó Chomhairle na nEalaíon, ó Fís Éireann, ó Choimisiún na Meán agus ó Chultúr Éireann do Fleadh Scannán na Gaillimhe le himeacht spreagúil 6 lá a chur ar fáil. Comhghairdeas leis an bhfoireann ar fad ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus mholfaidh mé d’aon duine a thugann cuairt ar Ghaillimh dul ann agus cuid de na scannáin agus na cláir faisnéise iontacha a bheidh á dtaispeáint an tseachtain seo a fheiceáil.”

Nótaí d’eagarthóirí

Tá tuilleadh eolais faoi Fhleadh Scannán na Gaillimhe ar fáil ag:

https://www.galwayfilmfleadh.com/

Tá Clár na Fleidhe Scannán ar fáil le híoslódáil anseo:

https://www.galwayfilmfleadh.com/wp-content/uploads/2026/06/GFF-Programme-inside-2026-Low.pdf

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat