An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Chaipitil Spóirt
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Cláraigh don Chiste Áiseanna Spóirt Pobail 2026
Muna bhfuil do chlubsa cláraithe ar chóras deontas an Chiste Áiseanna Spóirt Pobail 2026, SPRAOI, is féidir leat clárú do Spraoi anseo.
Aistríodh clárúcháin na gclubanna a bhí cláraithe cheana féin ar an seanchóras OSCAR go huathoibríoch chuig an gcóras nua SPRAOI. Gheobhaidh siad r-phost in am trátha a mbeidh treoir ann maidir le conas logáil isteach agus sonraí a dheimhniú.
Tá liosta iomlán na gclubanna a aistríodh ón seanchóras OSCAR go dtí an córas nua SPRAOI le fáil ag an nasc thíos Liosta na gClubanna atá cláraithe
Beidh leagan Gaeilge den Treoir ar fáil go luath
Cláir Chaipitil Spóirt
Is é an Ciste Áiseanna Spóirt Pobail an príomhbhealach ina gcuirtear cúnamh Rialtais ar fáil i leith áiseanna spóirt agus fóillíocht fisiciúla a fhorbairt agus trealamh spóirt neamhphearsanta a cheannach ar fud na tíre. Is iad seo a leanas na cuspóirí a bhaineann leis an gciste:
- cabhrú le heagraíochtaí deonacha agus pobail, coistí náisiúnta rialaithe (CNRanna) spóirt, údaráis áitiúla agus Boird Oideachais agus Oiliúna agus scoileanna chun áiseanna inbhuanaithe ardchaighdeáin, inrochtana, sábháilte, dea-dheartha a fhorbairt in áiteanna cuí agus trealamh cuí a sholáthar chun cabhrú le rannpháirtíocht sa spórt agus fóillíocht fisiciúla a uasmhéadú
- tosaíocht a thabhairt do riachtanais limistéar agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste (amhail daoine faoi mhíchumas) maidir le saoráidí spóirt a sholáthar
- comhroinnt áiseanna spóirt ag clubanna, eagraíochtaí pobail agus coistí náisiúnta rialaithe spóirt a spreagadh