An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Is Ceannaire Scoile mé
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Cé na freagrachtaí atá ar an scoil faoi Operation Encompass, agus an athraíonn sé beartais agus nósanna imeachta láithreacha na scoile?
Mar scoil rannpháirteach, is í foireann cheannaireachta na scoile atá freagrach as socruithe áitiúla a chur i bhfeidhm le haghaidh fógraí Operation Encompass a fháil agus a bhainistiú.
Áirítear leis sin:
- beirt bhall foirne ainmnithe a shainaithint chun fógraí a fháil ón nGarda Síochána
- a chinntiú go mbainistítear fógraí i modh rúin
- a chinntiú go gcomhroinntear faisnéis ar bhonn riachtanais
- a chinntiú go bhfuil socruithe i bhfeidhm ag an scoil chun freagairt, i gcás gur cuí, trí nósanna imeachta láithreacha na scoile um fholláine.
Is próiseas fógraí breise é Operation Encompass. Níl sé ag teacht in ionad na mbeartas láithreach scoile, na nósanna imeachta láithreacha scoile ná na bhfreagrachtaí láithreacha scoile maidir le tacú le leanaí agus daoine óga, ná ní athraíonn sé iad ar aon slí.
Cé na daoine ba cheart a ainmniú mar theagmhálaithe scoile agus cad a tharlóidh mura bhfuil siad ar fáil?
Sainaithníonn gach scoil rannpháirteach beirt bhall foirne ainmnithe chun fógraí Operation Encompass a fháil ón nGarda Síochána agus tugann sí a mionsonraí teagmhála dó mar chuid de shocruithe comhaontaithe an treoirthionscadail. De ghnáth, is iad an Príomhoide agus an Leas-Phríomhoide na baill foirne ainmnithe sin.
Is do na baill foirne ainmnithe sin, agus dóibh sin amháin, a thabharfar fógraí. Mura bhfuil ball foirne ainmnithe amháin ar fáil, tabharfar an fógra don dara ball foirne ainmnithe chun leanúnachas an phróisis fógraí a chinntiú.
Bainistíonn na baill foirne ainmnithe fógraí ar aon dul le nósanna imeachta comhaontaithe na scoile le haghaidh Operation Encompass, lena n-áirítear rúndacht a choinneáil agus faisnéis a chomhroinnt ar bhonn riachtanais.
Tábhachtach: Tá solúbthacht ag scoileanna a nDuine Idirchaidrimh Ainmnithe láithreach nó a Leas-Duine Idirchaidrimh Ainmnithe láithreach a cheapadh mar Theagmhálaí Ainmnithe Scoile le haghaidh Operation Encompass. Ba cheart caitheamh le feidhmeanna na ról sin faoi seach mar fheidhmeanna atá scartha ó chéile, áfach.
Cén dóigh a bhfaightear fógraí Operation Encompass?
Le linn Threoirthionscadal Dhroichead Átha de chuid Operation Encompass, soláthraíonn comhalta d’Aonad Sábháilteachta agus Tacaíochta Teaghlaigh an Gharda Síochána fógraí thar an teileafón do dhuine amháin de bhaill foirne ainmnithe na scoile.
Ba cheart do scoileanna a chinntiú go bhfuil socruithe i bhfeidhm chun go bhfaighidh baill foirne ainmnithe na glaonna sin go pras agus in áit rúnda nach féidir le baill foirne eile, le daltaí ná le cuairteoirí an comhrá a chluinstin.
Tar éis an ghlao, ba cheart fógraí a bhainistiú ar aon dul le nósanna imeachta comhaontaithe na scoile le haghaidh Operation Encompass.
Cén fhaisnéis a chuirtear ar áireamh i bhfógra Operation Encompass?
Faigheann scoileanna fógra teoranta ón nGarda Síochána ina ndeimhnítear an méid seo a leanas:
- D’fhreastail an Garda Síochána ar theagmhas drochúsáide baile; agus
- Bhí an leanbh nó an duine óg i láthair le linn an teagmhais nó tá gnáthchónaí ar leanbh nó duine óg san áit ar tharla an teagmhas
- Bhí an leanbh nó an duine óg i láthair/as láthair le linn an teagmhais.
Ní áirítear an méid seo a leanas leis an bhfógra:
- mionsonraí faoin teagmhas drochúsáide baile;
- mionsonraí faoi aon imscrúdú coiriúil;
- faisnéis faoi na daoine a bhí páirteach; nó
- aon mheasúnú ar an teagmhas.
Is é an cuspóir atá leis an bhfógra ná an scoil a chur ar an eolas go tráthúil ionas gur féidir léi freagairt, i gcás gur cuí, trína nósanna imeachta láithreacha um fholláine.
Conas ba cheart fógraí Operation Encompass a thaifeadadh?
Ba cheart do gach scoil rannpháirteach a chinntiú go ndéantar fógraí Operation Encompass a thaifeadadh agus a bhainistiú ar aon dul le nósanna imeachta comhaontaithe na scoile le haghaidh Operation Encompass, lena ceanglais maidir le cosaint sonraí agus lena beartais maidir le bainistíocht taifead.
Cuirtear teimpléad tacaíochta do thaifead maidir le fógra Operation Encompass ar fáil do scoileanna rannpháirteacha chun cabhrú le mionsonraí fógra a thaifeadadh ar bhealach comhsheasmhach.
Ba cheart rochtain ar thaifid Operation Encompass a theorannú do bhaill foirne údaraithe a bhfuil freagracht orthu as fógraí Operation Encompass a bhainistiú.
Cén chumarsáid ba cheart a chomhroinnt le baill foirne scoile faoi Threoirthionscadal Dhroichead Átha de chuid Operation Encompass?
Ba cheart do scoileanna a chinntiú go dtuigeann baill foirne iomchuí na nithe seo a leanas:
- an cuspóir atá le Operation Encompass;
- an dóigh a n-oibríonn an próiseas fógraí laistigh den scoil;
- róil agus freagrachtaí na mball foirne ainmnithe; agus
- an dóigh a bhfreagróidh an scoil, i gcás gur cuí, trína nósanna imeachta láithreacha um fholláine.
Níor cheart faisnéis faoi fhógraí aonair Operation Encompass a chomhroinnt ach amháin ar bhonn riachtanais, i gcás gur cuí, agus de réir nósanna imeachta comhaontaithe na scoile le haghaidh Operation Encompass.
An bhfuil gá le hathruithe a dhéanamh ar ár nósanna imeachta láithreacha um fholláine leanaí chun páirt a ghlacadh in Operation Encompass?
Níl. Tógann Operation Encompass ar nósanna imeachta láithreacha na scoile um fholláine leanaí agus ní athraíonn sé na freagrachtaí láithreacha atá ar an scoil maidir le coimirciú leanaí.
Ba cheart do scoileanna rannpháirteacha cloí go fóill lena mbeartais agus a nósanna imeachta láithreacha um fholláine leanaí agus iad ag freagairt, i gcás gur cuí, do na riachtanais atá ag leanbh nó duine óg.
Cuireann Operation Encompass scoileanna ar an eolas go tráthúil gur féidir go raibh leanbh nó duine óg thíos le drochúsáid baile. Tacaíonn sé le socruithe láithreacha na scoile um fholláine leanaí, agus ní thagann sé in ionad na socruithe sin ná ní athraíonn sé iad.
An dtagann aon athrú ar fhreagrachtaí na scoile i leith Tusla mar thoradh ar fhógra Operation Encompass a fháil?
Ní thagann. Ní gá atreorú a dhéanamh chuig Tusla tar éis fógra Operation Encompass a fháil.
Tá Operation Encompass ina phróiseas fógraí ar leith lena gcuirtear an scoil ar an eolas go tráthúil gur féidir go raibh leanbh nó duine óg thíos le drochúsáid baile.
Má tá ábhair imní ag an scoil faoi shábháilteacht nó folláine linbh nó duine óig, ba cheart di leanúint uirthi ag cloí lena nósanna imeachta láithreacha, lena n-áirítear atreorú a dhéanamh chuig Tusla, i gcás gur cuí.
Conas ba cheart do scoileanna freagairt d’fhógra Operation Encompass?
Ba cheart do gach scoil rannpháirteach freagairt d’fhógraí Operation Encompass de réir a nósanna imeachta comhaontaithe féin le haghaidh Operation Encompass.
Cé go bhfuil croíphrionsabail Operation Encompass comhsheasmhach ar fud na scoileanna rannpháirteacha uile, tá an tsolúbthacht ag gach scoil a chinneadh conas a fhreagróidh sí laistigh dá suíomh féin, agus a nósanna imeachta láithreacha um fholláine leanaí, a struchtúir scoile, agus riachtanais agus imthosca aonair an linbh nó an duine óig á gcur san áireamh aici.
Ba cheart do scoileanna a chinntiú go bhfuil socruithe áitiúla cuí i bhfeidhm ionas gur féidir fógraí a bhainistiú go comhsheasmhach agus go cuí nuair a fhaightear iad.
Níor cheart do scoileanna an teagmhas drochúsáide baile a imscrúdú, faisnéis bhreise a lorg ón leanbh nó ón duine óg, ná ceist a chur ar an leanbh nó ar an duine óg faoi na himthosca a bhí taobh thiar den fhógra. Is é an cuspóir atá leis an bhfógra ná tacú le tuiscint na scoile ar imthosca an linbh, agus ní fiosrúcháin a thionscnamh ná fíorais an teagmhais a shuí.
An bhfaighfear fógraí Operation Encompass lasmuigh de ghnáthuaireanta scoile?
Ní bhfaighfear. Le linn Threoirthionscadal Dhroichead Átha de chuid Operation Encompass, is le linn gnáthuaireanta scoile a sholáthrófar fógraí do scoileanna rannpháirteacha I gcás go dtarlóidh teagmhas drochúsáide baile lasmuigh d’uaireanta scoile, tabharfaidh an Garda Síochána an fógra don teagmhálaí ainmnithe scoile an chéad lá scoile eile a bheidh ar fáil.
Ní cheanglaítear ar scoileanna socrú fógraí lasmuigh d’uaireanta scoile a chur i bhfeidhm don treoirthionscadal.
Cén áit ar féidir liom treoir a fháil agus cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil má theastaíonn tacaíocht nó comhairle uaim?
Ar an gcéad ásc, ba cheart do scoileanna rannpháirteacha breathnú ar ábhair threorach Operation Encompass agus ar na doiciméid tacaíochta a soláthraíodh mar chuid den treoirthionscadal.
Má theastaíonn tuilleadh comhairle nó soiléirithe uathu, ba cheart do scoileanna ceisteanna a chur trí na socruithe comhaontaithe teagmhála le haghaidh threoirthionscadal Operation Encompass.
Cabhróidh sé sin lena chinntiú go soláthrófar comhairle agus treoir chomhsheasmhach ar fud na scoileanna rannpháirteacha uile.