Cuardaigh ar fad gov.ie

Bailiúcháin

Treoirthionscadal Dhroichead Átha


Operation Encompass i nDroichead Átha

Tá an chéad treoirthionscadal Éireannach de chuid Operation Encompass ar siúl i nDroichead Átha, Co. Lú. Iniúchfaidh an treoirthionscadal an dóigh ar féidir samhail Operation Encompass a chur chun feidhme laistigh de chreat reachtach, rialachais agus folláine leanaí na hÉireann, agus na riachtanais atá ag pobail agus seirbhísí áitiúla á léiriú an tráth céanna.

Tugann an treoirthionscadal an Garda Síochána, scoileanna rannpháirteacha, an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, an Roinn Oideachais agus Óige, Cuan, Tusla agus geallsealbhóirí áitiúla le chéile chun an próiseas fógraí a chur chun feidhme agus a mheas i gcomhthéacs na hÉireann. Baileoidh sé aiseolas agus na ceachtanna a fhoghlaimítear chun bonn eolais a chur faoin gcreat oibríochtúil, faoi na socruithe rialachais, faoin treoir agus faoi na hábhair thacaíochta a theastóidh chun Operation Encompass a chur chun feidhme amach anseo in Éirinn.

Cén fáth ar roghnaíodh Droichead Átha?

Forbraíodh tabhairt isteach Operation Encompass in Éirinn i ndlúthchomhar le comhpháirtithe i dTuaisceart Éireann, ag tógáil ar an taithí agus ar an bhfoghlaim a gnóthaíodh ó chur chun feidhme na samhla ansin.

Roghnaíodh Droichead Átha don chéad treoirthionscadal Éireannach mar gheall ar a ghaire atá sé do limistéar Dhún Pádraig, rud a chumasaíonn comhoibriú dlúth agus foghlaim chomhroinnte le comhghleacaithe a bhfuil taithí acu ar an tsamhail a chur chun feidhme. Tá sa bhaile freisin an scála agus an meascán scoileanna a theastaíonn chun an próiseas fógraí a thástáil i gcomhthéacs na hÉireann.

Sainaithníodh Droichead Átha i bPlean Cur Chun Feidhme Dhroichead Átha freisin mar shuíomh le haghaidh Operation Encompass a chur ar aghaidh. Tógann an treoirthionscadal ar chomhpháirtíochtaí seanbhunaithe áitiúla freisin, lena n-áirítear naisc idir Comhairle Contae Lú, Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Lú agus Comhpháirtíocht Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, rud a sholáthraíonn bonn láidir le haghaidh comhoibriú trasteorann.

Raon feidhme an treoirthionscadail

Níl Treoirthionscadal Dhroichead Átha de chuid Operation Encompass ar siúl ach amháin laistigh de limistéar comhaontaithe Threoirthionscadal Dhroichead Átha.

Áirítear leis an treoirthionscadal leanaí agus daoine óga:

  • a chónaíonn laistigh de limistéar comhaontaithe Threoirthionscadal Dhroichead Átha; agus
  • a fhreastalaíonn ar scoil atá ag glacadh páirt sa treoirthionscadal.

Is iad na scoileanna rannpháirteacha na scoileanna sin atá suite laistigh den limistéar geografach comhaontaithe agus a roghnaigh páirt a ghlacadh sa treoirthionscadal.

Oibríonn an próiseas fógraí i dteannta na socruithe láithreacha um fholláine agus coimirciú leanaí, agus ní thugann sé aon fhreagrachtaí nua isteach i ndáil le coimirciú leanaí.

Cé na heagraíochtaí atá rannpháirteach i dTreoirthionscadal Dhroichead Átha de chuid Operation Encompass?

Soláthraítear Treoirthionscadal Dhroichead Átha de chuid Operation Encompass trí chomhoibriú idir an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, an Garda Síochána, an Roinn Oideachais, Cuan, Tusla agus scoileanna rannpháirteacha i limistéar Dhroichead Átha.

Tá ról ar leith ag gach eagraíocht sa treoirthionscadal. Soláthraíonn an Garda Síochána fógraí; freagraíonn scoileanna rannpháirteacha, i gcás gur cuí, trína nósanna imeachta láithreacha um fholláine; agus tacaíonn comhpháirtithe Rialtais le rialachas, cur chun feidhme agus meastóireacht an treoirthionscadail.

Conas a bheidh a fhios agam an bhfuil mo scoil rannpháirteach?

Cuirfidh scoileanna rannpháirteacha tuismitheoirí agus caomhnóirí ar an eolas má tá siad ag glacadh páirt i dTreoirthionscadal Dhroichead Átha de chuid Operation Encompass.

Tá liosta iomlán de na scoileanna rannpháirteacha ar fáil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat