Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán poiblí ar an dréacht-Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála

Tá an Comhairliúchán dúnta


Cé atá ag reáchtáil an tsuirbhé seo?

Is í fís na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce go mbeadh Éire sábháilte, cóir agus uilechuimsitheach. Tá a lán freagrachtaí difriúla orainn, lena n-áirítear:

  • cosc ar an gcoireacht
  • an tslándáil náisiúnta
  • an ceartas
  • an inimirce

Féach suíomh Gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Maidir leis an suirbhé seo

Tá forbairt Straitéise Náisiúnta nua Cibearshlándála á stiúradh ag an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce faoi láthair. Is féidir leat an straitéis roimhe agus an tuarascáil deireadh straitéise a ghabhann léi a léamh ar an suíomh Gréasáin gov.ie.

Bonn eolais faoin bpróiseas seo ba ea Clár an Rialtais, reachtaíocht cibearshlándála ón Aontas Eorpach, an Measúnú Riosca Náisiúnta Cibearshlándála 2025 agus príomhthosaíochtaí Rialtais. Leagfar ár dtosaíochtaí cibearshlándála amach sa Straitéis.

Bhunaigh Ranna Rialtais iomchuí Coiste Idir-Rannach níos luaithe i mbliana chun dréacht-Straitéis a fhorbairt atá eagraithe timpeall ar thrí cholún:

  • Brath agus Cosaint
  • Athléimneacht Náisiúnta a Fheabhsú
  • Ár gCibir-Éiceachóras a Neartú

Sainaithnítear sa dréacht-Straitéis tograí le haghaidh aghaidh a thabhairt ar rioscaí sistéamacha cibearshlándála sa Stát agus le haghaidh forbairt agus nuálaíocht a spreagadh san earnáil dhigiteach an tráth céanna ionas gur féidir linn go léir tairbhe a bhaint go sábháilte as dul chun cinn teicneolaíoch.

Chuathas i gcomhairle le hollscoileanna, le geallsealbhóirí tionscail agus le comhlachtaí earnála poiblí le linn an straitéis seo a fhorbairt, rud a chuir bonn eolais faoin gcur chuige i leith príomh-shaincheisteanna straitéiseacha.

Tá comhairliúchán poiblí ar siúl anois chun a chinntiú go mbeidh deis ag gach duine a dtuairimí a chur isteach maidir leis an dréacht-Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála.

Mairfidh an comhairliúchán poiblí sé seachtaine go dtí an 21 Lúnasa 2026 ar uair an mhéan lae, agus tá an suirbhé seo ar oscailt do gach duine atá ina gcónaí in Éirinn.

Draft National Cyber Security Strategy for Public Consultation
Amharc amharc

Cén fáth ar cheart duit an suirbhé seo a chomhlánú?

Tríd an suirbhé seo a chomhlánú, is féidir leat do thuairimí a chomhroinnt ar na smaointe atá curtha chun tosaigh sa dréacht-Straitéis ar mhaithe le cibear-athléimneacht náisiúnta a neartú.

Tá an chibearshlándáil ina hábhar imní do gach duine atá ina gcónaí in Éirinn, agus imríonn sí tionchar ar an dóigh a mairimid, a n-oibrímid, a ndéanaimid ceangal le daoine eile, agus a n-idirghníomhaímid leis an domhan. Ar an gcúis sin, ba mhaith linn cloisteáil ón oiread daoine agus is féidir.

Conas a úsáidfear mo fhreagra?

Soláthróimid don Choiste Idir-Rannach ar an Straitéis Náisiúnta Cibearshlándála tuarascáil achomair ina leagfar amach na freagraí a fuarthas agus na saincheisteanna a tarraingíodh anuas, agus is féidir go bhfoilseoimid an tuarascáil sin freisin. Ní fhoilseofar aon fhaisnéis phearsanta.

Saoráil Faisnéise

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, is féidir go mbeidh freagraí ar an suirbhé faoi réir iarrataí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Fágann sé sin nach mór dúinn an fhaisnéis sin a eisiúint má iarrann duine aonair nó eagraíocht orainn déanamh amhlaidh. Iarraimid ort gan aon fhaisnéis phearsanta a chur le do chuid freagraí ar an suirbhé seo. Má tá aon fhaisnéis phearsanta ann sna freagraí, áfach, bainfimid í sula dtabharfaimid an fhaisnéis amach.

Ba mhaith liom an suirbhé a dhéanamh. Conas a thosaím?

Cliceáil ar an gcnaipe thíos, le do thoil, chun páirt a ghlacadh sa suirbhé seo.

Comhairliúchán seachtrach

Chun féachaint ar an gcomhairliúchán cliceáil ar an gcnaipe thíos.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat