An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tuarascálacha ar Chásanna – An Chúirt Chuarda
Tá dlínse ag an gCúirt Chuarda chun raon leathan cásanna dlí teaghlaigh a éisteacht, lena n-áirítear colscarthaí, idirscarthaí breithiúnacha, scaoiltí breithiúnacha páirtnéireachtaí sibhialta, neamhnithe, agus iarratais a bhaineann le leanaí, le cothabháil, le maoin, le pinsin, le foréigean baile, agus le comhchónaitheoirí. Éisteann an Chúirt Chuarda achomhairc i gcoinne breitheanna ón gCúirt Dúiche freisin.
Déantar tuarascálacha cásanna a ghrúpáil de réir an chineáil cáis chun cabhrú le léitheoirí a mbealach a dhéanamh tríd an gcóras dlí teaghlaigh. Roghnaigh cineál cáis thíos chun amharc ar thuarascálacha aonair.
Tabhair do d’aire, le do thoil: Mar gheall ar chineál na n-imeachtaí dlí teaghlaigh, d’fhéadfadh go gclúdófaí níos mó ná cás amháin i roinnt tuarascálacha. Déantar tuarascálacha ar chásanna a chatagóiriú de réir an phríomhiarratais nó na príomh-shaincheiste atá os comhair na cúirte; mar sin féin, d’fhéadfadh iarratais eile nó saincheisteanna dlí eile teacht chun cinn sna himeachtaí céanna freisin.
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí: