Cuardaigh ar fad gov.ie

Tuarascálacha ar Chásanna - An Chúirt Dúiche

Éisteann an Chúirt Dúiche iarratais dlí teaghlaigh a bhaineann le caomhnóireacht, le coimeád leanaí, le rochtain ar leanaí, le cothabháil, agus le foréigean baile. D’fhéadfadh na hiarratais sin teacht chun cinn mar imeachtaí neamhspleácha nó i ndáil le colscarthaí nó le hidirscarthaí breithiúnacha arna ndeonú ag an gCúirt Chuarda.

De ghnáth, éistear cásanna dlí teaghlaigh ar laethanta ainmnithe dlí teaghlaigh, cé go bhféadfaí iad a éisteacht i dteannta nithe sibhialta agus coiriúla eile i roinnt áiteanna.

Déantar tuarascálacha cásanna a ghrúpáil de réir an chineáil cáis chun cabhrú le léitheoirí a mbealach a dhéanamh tríd an gcóras dlí teaghlaigh. Roghnaigh cineál cáis thíos chun amharc ar thuarascálacha aonair.

Tabhair do d’aire, le do thoil: Mar gheall ar chineál na n-imeachtaí dlí teaghlaigh, d’fhéadfadh go gclúdófaí níos mó ná cás amháin i roinnt tuarascálacha. Déantar tuarascálacha ar chásanna a chatagóiriú de réir an phríomhiarratais nó na príomh-shaincheiste atá os comhair na cúirte; mar sin féin, d’fhéadfadh iarratais eile nó saincheisteanna dlí eile teacht chun cinn sna himeachtaí céanna freisin.

Tabhair do d’aire, le do thoil: Maidir le harratais ar chosaint leanaí, i gcás go lorgaíonn an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach/Tusla orduithe cúraim nó orduithe maoirseachta do leanaí a mheastar a bheith i mbaol, tuairiscítear iad i dtionscadal leithleach a bhfuil a shuíomh Gréasáin féin aige. Is féidir na tuarascálacha sin a fháil ag www.childlawproject.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat