An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ciste Lánpháirtíochta €4.5 milliún don bhliain 2026 seolta
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Leis an gciste, lena dtugtar le chéile an tsraith iomlán de ghlaonna cistiúcháin Lánpháirtíochta arna gcistiú ag an státchiste, cuirfear ar chumas pobal ar fud na hÉireann ról níos mó a imirt i lánpháirtiú imirceach a chur chun cinn.
Cuirtear cistiú ar fáil d’eagraíochtaí chun tionscadail lánpháirtíochta a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil. I measc na n-eagraíochtaí atá incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh tá grúpaí pobail áitiúla, carthanais, grúpaí creideamhbhunaithe, scoileanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus eagraíochtaí cultúir.
Ní mór d’eagraíochtaí is iarratasóirí feidhmiú ar bhonn neamhbhrabúis.
Tá trí shruth cistiúcháin ar fáil d’iarratasóirí;
- Le Scéim 1, soláthrófar deontais is fiú idir €100,000 agus €300,000 do thionscadail mhórscála um lánpháirtiú a bheidh ar siúl thar thréimhse trí bliana ar a mhéad.
- Le Scéim 2, soláthrófar deontais is fiú idir €15,000 agus €100,000 do thionscadail mhórscála um lánpháirtiú a bheidh ar siúl thar thréimhse aon bhliana ar a mhéad.
- Le Scéim 3, soláthrófar deontais is fiú idir €1,000 agus €10,000 do thionscadail phobail áitiúil um lánpháirtiú.
Ní mór gach iarratas a chur isteach go leictreonach.
Glacfar le hiarratais ar chistiú go dtí meán lae Dé Céadaoin an 2 Meán Fómhair 2026. Is féidir le grúpaí treoirdhoiciméad mionsonraithe a rochtain agus foirm iarratais ar líne a chomhlánú ag an nasc seo a leanas: An Ciste Lánpháirtíochta
Faoin gCiste Lánpháirtíochta 2025, dámhadh cistiú €3.6m san iomlán ar 117 dtionscadal ar fud na tíre.