An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Tuarascáil Bhliantúil an Gharda Síochána 2025
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Cumhdaítear sa Tuarascáil bliain thábhachtach don Gharda Síochána, ar lena linn a chuir an eagraíocht í féin in oiriúint do na hathchóirithe cuimsitheacha a rinneadh ar an dóigh a rialaítear an eagraíocht agus ar an dóigh a ndéantar formhaoirseacht uirthi agus do chur chuige nua i leith sábháilteacht pobail, de bhun thosach feidhme an Achta um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail i mí Aibreáin 2025.
Ar aon dul le beartas rialtais, tugadh Plean Póilíneachta Ard-Infheictheachta isteach i Lár Cathrach Bhaile Átha Cliath i mí an Mhárta 2025 chun tacú le sábháilteacht pobail agus chun iompraíocht fhrithshóisialta a dhíspreagadh. Tugadh Samhail Oibriúcháin nua an Gharda Síochána isteach go hiomlán i ngach ceann den 21 Rannán i mí na Bealtaine 2025. Cuireadh Aonaid Rannáin um Sheirbhísí Cosanta i bhfeidhm i ngach Rannán de chuid an Gharda Síochána ar fud na tíre agus leathnaíodh an Clár Tacaíochta d’Íospartaigh Ardriosca de chuid Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta. Trí na tionscnaimh sin, cumasófar do Ghardaí pobail níos sábháilte a chruthú ar fud na tíre.
Chomh maith leis sin, lean an Garda Síochána lena chuid oibre chun cur isteach go réamhghníomhach ar Choireacht Thromchúiseach agus Eagraithe i gcomhar le comhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus urghabhálacha suntasacha á ndéanamh aige sa bhliain 2025. Áiríodh leo sin cócaon ab fhiú breis agus €30 milliún a urghabháil le linn oibríocht de chuid Comh-Thascfhórsa a reáchtáladh i gcomhar le Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus le Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann i gCorcaigh.
Is féidir an tuarascáil bhliantúil a fháil ar shuíomh Gréasáin an Gharda Síochána anseo.
Is féidir Tuarascálacha Bliantúla roimhe a fháil ar shuíomh Gréasáin an Gharda Síochána anseo.