Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Tá Catherine Ardagh ceaptha mar Aire Stáit

Cheadaigh an Rialtas ceapachán Catherine Ardagh TD mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an Dlí Idirnáisiúnta, Athchóiriú an Dlí agus Ceartas i leith an Aosa Óig.

Tá taithí fhairsing ag an Aire Ardagh ar an tseirbhís phoiblí, ós rud é gur fhóin sí sa rialtas áitiúil mar chomhairleoir le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus í ag déanamh ionadaíocht do limistéar Chromghlinne/Chamaí, agus mar Chomhalta den Oireachtas. D’fhóin sí mar Sheanadóir ón mbliain 2016 go dtí gur toghadh í chuig Dáil Éireann sa bhliain 2024.

Tá an Roinn ag súil le hobair i gcomhar leis an Aire Ardagh chun tosaíochtaí an Rialtais a chomhlíonadh ar fud a réimsí freagrachta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat