Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Achoimre mhí Iúil ar an Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Tréimhse ghnóthach bhisiúil don Roinn ba ea an chéad mhí d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Ar aon dul lenár dTosaíochtaí Uachtaránachta, bhí trí éacht shuntasacha ann le linn mhí Iúil. Bhí siad sin dírithe ar na nithe seo a leanas:


Leanaí a choinneáil sábháilte

Online service providers will resume voluntary detection and removal of child sexual abuse material. These voluntary activities are crucial to help identify, investigate and prosecute offenders. They contribute to rescuing victims, preventing further abuse and reducing the spread of child sexual abuse online.

Léigh tuilleadh anseo.

Cruinniú Neamhfhoirmiúil den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile - 17 Iúil 2026


Tacú le daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise san Úcráin

Tá rún daingean ag an Aontas Eorpach tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus dá muintir; trí stádas cosanta sealadaí a fhadú go ceann bliain eile, soláthrófar soiléire agus intuarthacht do gach duine atá ar a dteitheadh ón gcogadh.

Léigh tuilleadh anseo.


Cabhrú le teacht ar chomhaontú ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh

Tacaíocht airgeadais a leagan amach maidir le himirce, maidir le bainistiú teorann agus víosaí, agus maidir le slándáil inmheánach don tréimhse 2028 go 2034. Leis na hionstraimí airgeadais sin, cabhrófar leis na ballstáit an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme, bainistiú éifeachtúil theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh agus próiseáil víosaí a chinntiú, agus bagairtí slándála inmheánaí a chomhrac.

Léigh tuilleadh anseo.

Ó chlé go deas, An Buanchoiste um an gComhar Oibríochtúil sa tSlándáil Inmheánach (COSI) - 6 Iúil 2026 / An Coiste Straitéiseach um Inimirce, Teorainneacha agus Tearmann (SCIFA) - 9 Iúil 2026

Déanfaidh an tAire Ó Ceallacháin cathaoirleacht ar an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile i Lucsamburg an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat