Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Tá na chéad tuarascálacha cásanna ón Tionscadal Tuairiscithe um an Dlí Teaghlaigh foilsithe

Agus é faoi stiúir ag an Dr Carol Coulter, tá sé mar aidhm leis an Tionscadal Tuairiscithe um an Dlí Teaghlaigh tuiscint an phobail ar imeachtaí dlí teaghlaigh a mhéadú trí thuarascálacha anaithnidithe a sholáthar ar shampla ionadaíoch de chásanna dlí teaghlaigh, á chinntiú ag an am céanna go seastar le príobháideacht na dteaghlach.

Tá 103 thuarascáil anaithnidithe ó imeachtaí dlí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche, sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt sa chéad imleabhar de thuarascálacha cásanna.

Choimisiúnaigh an tAire Ó Ceallacháin an Tionscadal Tuairiscithe um an Dlí Teaghlaigh faoin Straitéis Ceartais Teaghlaigh. Roimhe seo, ní raibh aon chóras cuimsitheach ann in Éirinn le haghaidh tuairisciú tráthrialta agus córasach a dhéanamh ar imeachtaí príobháideacha dlí teaghlaigh. Is é atá sa Tionscadal Tuairiscithe um an Dlí Teaghlaigh a bhunú ná céim shuntasach chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin agus chun feabhas a chur ar thuiscint an phobail ar an gcóras ceartais teaghlaigh, agus á chinntiú ag an am céanna go seasfar le príobháideacht na dteaghlach.

Is féidir na tuarascálacha cásanna a léamh anseo: https://www.gov.ie/familylawreportingproject

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat