Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Póilíneacht Ard-Infheictheachta i gCathair na Gaillimhe agus i mBóthar na Trá

Ón lá inniu amach, déanfaidh Gardaí ó Stáisiún Gardaí na Gaillimhe agus ó Stáisiún Gardaí Bhóthar na Trá Patróil Ard-Infheictheachta (HVPanna) thiomnaithe ar fud seacht limistéar patróil shainaitheanta.

Sannfar suas le 13 Gharda go sonrach do na patróil sin gach lá, agus iad ag feidhmiú idir 8am agus 4am. Sainaithníodh na láithreacha trí anailís a dhéanamh ar threochtaí coireachta, ar ghlaonna seirbhíse, agus ar aiseolas ó phobail áitiúla agus ó ghnólachtaí áitiúla.

A bhuí le láithreacht fheabhsaithe an Gharda Síochána i Lár Cathrach na Gaillimhe agus i mBóthar na Trá, tacófar le cur chuige réamhghníomhach láidir póilíneachta i leith cionta oird phoiblí, iompar frithshóisialta, mangaireacht drugaí, déircínteacht ionsaitheach, agus gadaíocht siopa.

Glacfar straitéis láidir forfheidhmithe d’athchiontóirí, lena n-áirítear beartas i bhfabhar gabhála mar aon le hagóidí daingne in aghaidh bannaí i gcás gur cuí.

Leanfaidh na Gardaí le hobair i ndlúthchomhar le comhpháirtithe pobail, deonacha, agus reachtúla chun sábháilteacht an phobail a chur chun cinn agus chun treisiú le hiarrachtaí comhoibríocha chun an choireacht a chosc.

Tugadh na Patróil Ard-Infheictheachta sin isteach tar éis 28 gcomhalta breise den Gharda Síochána a chur chuig Rannán na Gaillimhe trí aistrithe agus trí Ghardaí ar promhadh a leithdháileadh.

Mar thoradh ar earcaíocht láidir leantach chuig an nGarda Síochána, lenar áiríodh fianú 206 chomhalta nua den Gharda Síochána i mí Iúil 2026, bhíothas in ann Gardaí a bhfuil taithí oibríochtúil acu a bhí lonnaithe in áiteanna eile sa tír a aistriú.

Bainfidh Gardaí Póilíneachta Pobail úsáid as Veain Rannpháirtíochta Pobail an Gharda Síochána freisin in áiteanna timpeall Chathair na Gaillimhe chun tacú le rannpháirtíocht an phobail agus chun comhairle a thairiscint do dhaoine den phobal, do chónaitheoirí, agus don lucht gnó maidir le cosc na coireachta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat