Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Leathnú mórscála ar Phríosún Chnoc Seimre

Shínigh an tAire Séamus Ó Ceallacháin an conradh inniu le haghaidh bloc nua cóiríochta a thógáil ag Príosún Chnoc Seimre. Dámhadh an conradh do JJ Rhatigan & Co. Táthar ag súil le ham tógála 22 mhí.

Is é a bheidh i gceist leis an tionscadal ná bloc nua cóiríochta ceithre stór a fhorbairt mar shíneadh le Bloc D, áit a dtabharfar faoi mhórthionscadal nua tógála chun 143 chillín nua a sholáthar ina mbeidh spás do suas le 270 príosúnach.

Tiocfaidh méadú ar an acmhainn i bPríosún Chnoc Seimre ó 433 spás go breis agus 700 spás.

Is é an leathnú ar Phríosún Chnoc Seimre an tionscadal tógála is mó a sheol Seirbhís Phríosúin na hÉireann le roinnt blianta anuas, agus tá sé ina chuid lárnach de chlár fairsing foriomlán tógála príosúin trína bhfuiltear ag súil leis go soláthrófar breis agus 1,500 spás nua idir na blianta 2024 agus 2031.

Ó bhí an bhliain 2024 ann, tógadh 265 spás ar fud eastát na bpríosún. Díobh sin, tógadh 126 spás sa bhliain 2024, tógadh 106 spás sa bhliain 2025, agus tógadh 33 spás go dtí seo sa bhliain 2026. Tógfar 32 spás eile i mbliana, mar aon le 70 spás sa bhliain 2027.

Léigh an phreaseisiúint.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat