Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Seoltar an Straitéis Náisiúnta chun Coireacht Eacnamaíoch agus Éilliú a Chomhrac

Seoladh an Straitéis ilbhliantúil nua ón Rialtas chun Coireacht Eacnamaíoch agus Éilliú a Chomhrac inniu. Leis an Straitéis, neartófar cumas na hÉireann chun coireacht eacnamaíoch agus éilliú a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus iontaoibh an phobail, sláine eacnamaíoch, agus clú idirnáisiúnta na hÉireann á gcosaint ag an am céanna.

Le coireacht eacnamaíoch agus éilliú, leagtar costais shuntasacha ar dhaoine aonair, ar ghnólachtaí, agus ar an Stát. Aithnítear an méid sin sa Straitéis agus glactar cur chuige uile-rialtais léi trí chreat cuimsitheach a leagan amach atá ceaptha chun freagairt trasearnála do choireacht eacnamaíoch agus d’éilliú agus don ghníomhaíocht choiriúil eagraithe a chumasaítear leo a sholáthar.

Ba í an Chomhairle Chomhairleach in aghaidh Coireacht Eacnamaíoch agus Éilliú a d’fhorbair an Straitéis. Cinnteofar léi go mbeidh Éire athléimneach i gcónaí in aghaidh bagairtí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear gníomhaíocht choiriúil chibearchumasaithe agus trasteorann.

Tá an Straitéis bunaithe ar chúig chuspóir idirnasctha:

  • Feabhas a chur ar an tslí a ndéantar sonraí a bhailiú, a anailísiú agus a úsáid chun bagairtí agus rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus chun tacú le déanamh beartas fianaisebhunaithe;
  • Cur chuige trasearnála níos láidre a fhorbairt trí chomhar feabhsaithe agus trí chomhroinnt faisnéise fheabhsaithe;
  • A chinntiú go sealbhaíonn imscrúdaitheoirí agus ionchúisitheoirí na sainscileanna agus na sainuirlisí a theastaíonn chun dul i ngleic go héifeachtach le coireacht eacnamaíoch agus le héilliú;
  • Treisiú le cumas na hÉireann chun sócmhainní coiriúla a urghabháil agus a choigistiú; agus
  • Cosc a chur chun cinn trí oideachas, trí fheasacht an phobail, agus trí bhearta comhlíonta méadaithe.

I measc na bpríomh-mholtaí tá:

  • Cur chuige sistéamach a fhorbairt i leith sonraí a bhailiú agus a anailísiú chun tacú le tosaíochtaí straitéiseacha a shainaithint;
  • Comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí feabhsaithe a bhunú chun coireacht eacnamaíoch a chosc, a bhrath, agus a shaothrú ar bhealach níos fearr;
  • Reachtaíocht a thabhairt isteach chun comhroinnt faisnéise idir eintitis phríobháideacha a éascú;
  • Scrúdú a dhéanamh ar roghanna chun feabhas a chur ar éifeachtúlachtaí maidir le cásanna coireachta eacnamaíche a ionchúiseamh, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar chomhaontuithe ionchúisimh iarchurtha agus ar bhearta réitigh eile nach trialacha iad;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha coigistíochta faoin Acht um Cheartas Coiriúil, 1994, agus measúnú a dhéanamh ar rannpháirtíocht sa Treoir ón Aontas Eorpach maidir le hAisghabháil agus Coigistiú Sócmhainní; agus
  • Feachtais chomhordaithe chumarsáide agus oideachais a fhorbairt chun feasacht a mhúscailt ar chalaois agus ar chamscéimeanna.

Is féidir an Straitéis iomlán chun Coireacht Eacnamaíoch agus Éilliú a chomhrac a fháil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat