Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Oscailt Oifigiúil an Tionscadail Athstiúrtha Óige um Dheiseanna a Sholáthar i dTiobraid Árann Thuaidh i dTiobraid Árann

Cloch mhíle thábhachtach maidir le cumhdach náisiúnta iomlán na seirbhíse Athstiúrtha Óige is ea oscailt oifigiúil an Tionscadail Athstiúrtha Óige um Dheiseanna a Sholáthar i dTiobraid Árann Thuaidh. Tá sé sin ar cheann de na príomhghealltanais atá sa Straitéis um Cheartas i leith an Aosa Óig 2021-2027. Tá 92 Thionscadal Athstiúrtha Óige agus ceithre Thionscadal Spriocdhírithe Athstiúrtha Óige ar siúl ar fud an Stáit anois.

D’fhreastail Catherine Ardagh, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an Dlí Idirnáisiúnta, Athchóiriú an Dlí agus Ceartas i leith an Aosa Óig, ar an oscailt oifigiúil.

Is ionann Tionscadail Athstiúrtha Óige agus tionscnaimh phobalbhunaithe ilghníomhaireachta um choireacht a chosc i measc an aosa óig. Is é an phríomhaidhm atá leo leanaí agus daoine óga atá idir 12 bhliain d’aois agus 17 mbliana d’aois a bhí páirteach in iompraíocht fhrithshóisialta agus/nó choiriúil, nó atá i mbaol a bheith páirteach inti, a athstiúradh ar shiúl ón iompraíocht sin. Tháinig borradh faoi Thionscadail Athstiúrtha Óige le deich mbliana anuas freisin chun seirbhísí a sholáthar do leanaí atá idir 8 mbliana d’aois agus 11 bhliain d’aois agus chun saintacaíochtaí a thabhairt do theaghlaigh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat