Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Saoránacht Éireannach le bronnadh ar bhreis agus 4,600 duine

Bronnfar saoránacht Éireannach ar thart ar 4,600 duine ag Óstán Gleneagle, Cill Airne, inniu agus amárach.

Déanfaidh iarratasóirí ó bhreis agus 139 dtír agus ó bheagnach gach ceann den 32 chontae ar an oileán dearbhú dílseachta agus tairiseachta don Stát agus tiocfaidh siad chun bheith ina saoránaigh Éireannacha.

Beidh cúig shearmanas ar siúl thar an dá lá i gCill Airne. Beidh Colm Brophy, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Imirce, i láthair Dé Luain. Beidh Niall Collins, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Foraoiseacht, Sábháilteacht Feirme agus Gairneoireacht, i láthair Dé Máirt.

Is é an Breitheamh Paddy McMahon a bheidh san Oifigeach Ceannais ag na searmanais thar an dá lá atá romhainn, agus is eisean a bhronnfaidh Saoránacht Éireannach ar na daoine a bheidh i láthair. Riarfaidh sé an Dearbhú Dílseachta do Náisiún na hÉireann agus Tairiseachta don Stát. Geallfaidh na saoránaigh Éireannacha nua go ndéanfaidh siad dlíthe an Stáit a chomhlíonadh go dílis agus a luachanna daonlathacha a urramú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat