Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Feachtas Earcaíochta Oifigeach Príosúin

Seoladh feachtas earcaíochta na bliana 2026 le haghaidh Oifigigh Phríosúin i Seirbhís Phríosúin na hÉireann inniu. Reáchtálfar an comórtas trí publicjobs thar ceann Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus beidh sé ar oscailt go dtí an 8 Deireadh Fómhair 2026.

Mheall feachtas earcaíochta na bliana 2025 níos mó ná 1,700 iarratasóir, agus 304 oifigeach príosúin ag dul isteach i Seirbhís Phríosúin na hÉireann anuraidh.

Is féidir faisnéis faoi chomórtas na bliana 2026 agus faoi conas iarratas a dhéanamh a fháil anseo.

Rachaidh iarrthóirí incháilithe faoi phróiseas cuimsitheach roghnúcháin, lena n-áireofar measúnuithe scríofa, tástálacha aclaíochta coirp, agallaimh, agus seiceálacha cúlra. Gheobhaidh iarrthóirí rathúla oiliúint fhairsing agus meantóireacht fhairsing chun na scileanna riachtanacha agus an t-eolas riachtanach a theastaíonn don ról a thabhairt dóibh.

Tá oiliúint Oifigeach Príosúin creidiúnaithe ag Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt mar an tArdteastas Ealaíon i gCúram Coinneála, agus tá sí ag teacht le Leibhéal 6 de chreat Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann. Bunaíodh Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt ó chónascadh dhá institiúid teicneolaíochta a bhí sa réigiún cheana féin – Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat