An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Fógraíonn an tAire Brophy ceanglais nua víosa
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhógair Colm Brophy, an tAire ar a bhfuil freagracht as Imirce, le héifeacht ón Luan an 15 Meitheamh 2026, go gceanglófaí ar náisiúnaigh de chuid Nicearagua, San Críostóir-Nimheas agus Saint Lucia víosa a fháil sula dtaistealóidh siad go hÉirinn. Tá feidhm ag an méid sin maidir le sealbhóirí pasanna taidhleoireachta agus seirbhíse freisin. Beidh víosa idirthurais ag teastáil freisin, má tá an duine ag iarraidh dul ar idirthuras trí Éirinn ar a bhealach nó a bealach chuig ceann scríbe eile.
Ag labhairt dó faoin athrú sin, dúirt an tAire Brophy:
“Is cinneadh an-mheáite é sin lena dtugtar Éire níos gaire don chur chuige a ghlactar sa Ríocht Aontaithe agus ar fud na hEorpa.
“Coinnítear ceanglais víosa na hÉireann faoi athbhreithniú leanúnach. Is é an aidhm atá leis ná an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir rialuithe éifeachtacha inimirce a choinneáil ar bun agus a chinntiú gur féidir le daoine leanúint le teacht go hÉirinn chun cuairt a thabhairt, chun obair a dhéanamh, chun staidéar a dhéanamh, nó chun teacht i bpáirt le daoine dá dteaghlach.”
Dúirt an tAire Brophy ina dhiaidh sin:
“Aithnímid go bhféadfadh athruithe den chineál sin difear a dhéanamh do roinnt daoine aonair a bhféadfadh pleananna taistil a bheith i bhfeidhm acu cheana féin. Beidh socruithe idirthréimhseacha ann do na daoine sin chun cabhrú leis an athrú a bhainistiú.”
Tá an ceanglas nua víosa ar náisiúnaigh de chuid Nicearagua, San Críostóir-Nimheas agus Santa Lucia mar chuid de phróiseas leanúnach chun Éire a choinneáil ar aon dul le cleachtais sa Ríocht Aontaithe agus i Limistéar Schengen. Mar thoradh air sin, cuireadh deireadh leis an gceart achomhairc maidir le diúltuithe áirithe víosaí gearrfhanachta (Cineál C) ní ba luaithe an mhí seo, agus tugadh isteach ceanglas víosa do náisiúnaigh de chuid Ríocht Eosuaitíní, Leosóta, Nárú agus Oileán na Tríonóide agus Tobága sa bhliain 2025.
Cuirfear socruithe idirthréimhseacha i bhfeidhm, agus moltar do náisiúnaigh de chuid Nicearagua, San Críostóir-Nimheas agus Santa Lucia a bhfuil socruithe acu cheana féin chun taisteal chuig an Stát suíomh Gréasáin Sheachadadh Seirbhíse Inimirce a sheiceáil chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Nótaí:
Beidh Socruithe Idirthréimhseacha Teoranta (do thaistealaithe áirithe amháin) i bhfeidhm ón 15 Meitheamh 2026 go dtí an 14 Iúil 2026.
Féadfaidh sealbhóirí pas Nicearagua, San Críostóir-Nimheas agus Santa Lucia a chuir taisteal go hÉirinn in áirithe roimh an 15 Meitheamh 2026 agus a thaistealóidh go hÉirinn roimh an 14 Iúil 2026 taisteal ar choinníoll go bhfuil na doiciméid seo a leanas ina seilbh acu:
- Pas bailí; agus
- Fianaise dhoiciméadach óna n-iompróir (agus ní ó Ghníomhaire Taistil) ina dtaispeántar dáta ceannaigh a dticéid/dticéad, a n-ainm mar phaisinéir, uimhir na heitilte/na n-eitiltí, agus dáta an taistil.
Beidh sé riachtanach na doiciméid sin a thabhairt ar aird i gcás go n-iarrfaidh iompróir nó Oifigeach Inimirce orthu déanamh amhlaidh. Na gnáthrialacha inimirce a bhfuil feidhm acu maidir le neamhnáisiúnaigh agus iad ag iarraidh dul isteach sa Stát, beidh feidhm acu maidir le haon duine atá ag iarraidh leas a bhaint as na socruithe idirthréimhseacha.
Chun amhras a sheachaint, tabhair an méid seo a leanas faoi deara:
Ní féidir le haon duine a chuireann taisteal go hÉirinn in áirithe tar éis an 15 Meitheamh 2026 leas a bhaint as na socruithe idirthréimhseacha teoranta, agus beidh air nó uirthi víosa Éireannach a fháil roimh an taisteal, fiú má bhíonn sé nó sí ag taisteal go hÉirinn roimh an 14 Iúil 2026.
Ní gá do dhaoine a bhfuil cárta bailí Ceada Cónaithe Éireannaigh ina seilbh acu víosa Éireannach a bheith acu ar leithligh.
CRÍOCH...///