An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Fógraíonn an tAire Séamus Ó Ceallacháin rith an Bhille um Chomhar Idirnáisiúnta (Fiosrúchán faoi Bhuamáil na hÓmaí), 2026, trí Thithe an Oireachtais
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
D’fhógair Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, tráthnóna inniu rith an Bhille um Chomhar Idirnáisiúnta (Fiosrúchán faoi Bhuamáil na hÓmaí), 2026, trí Thithe an Oireachtais.
Soláthraítear leis an reachtaíocht sásra dlíthiúil saincheaptha chun éascaíocht a dhéanamh ar fhianaise faoi mhionn a ghlacadh os comhair breithimh den Ard-Chúirt ó chomhlachtaí Stáit agus ó iarshealbhóirí oifige aireachta chun críocha an Fhiosrúcháin faoi Bhuamáil na hÓmaí. Beidh an sásra ar fáil do Chathaoirleach an Fhiosrúcháin thar thréimhse feidhme an Fhiosrúcháin agus cumasófar leis cúnamh a lorg de réir mar a thiocfaidh nithe chun cinn le linn a chuid oibre.
Agus an fógra á thabhairt aige, dúirt an tAire Séamus Ó Ceallacháin:
“Is ionann rith na reachtaíochta seo agus céim thábhachtach eile i dtreo déanamh de réir an ghealltanais a tugadh i gClár an Rialtais an Fiosrúchán a éascú.
“Gabhaim buíochas leis na Comhaltaí as tacú lena rith tapa trí na Tithe ó foilsíodh i mí an Mhárta í. Cinnteoidh sé sin go mbeidh an reachtaíocht i bhfeidhm faoi thús éisteachtaí fianaise an Fhiosrúcháin i mí Mheán Fómhair.
“Leis an reachtaíocht seo a bhaineann le fianaise ó bhéal, cuirfear leis an tsraith beart a cuireadh chun feidhme cheana féin. Áirítear leis sin an Meabhrán Tuisceana a shínigh mé le Cathaoirleach an Fhiosrúcháin anuraidh maidir le hábhair Stát na hÉireann a nochtadh, agus na Rialacháin um Chosaint Sonraí a shínigh mé i mí na Samhna chun go bhféadfaí sonraí pearsanta íogaire a nochtadh don Fhiosrúchán.
“Tá ár dtiomantas, in éineacht le tiomantas Rialtas na Ríochta Aontaithe, riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar ollmhór a bhí ag an bhforéigean a bhain leis na Trioblóidí agus ar na riachtanais dhlisteanacha agus na hionchais dhlisteanacha atá ag teaghlaigh na n-íospartach agus ag na marthanóirí atá ag lorg na fírinne agus na cuntasachta le fada an lá.
“Tá sé casta ó thaobh an dlí de cúnamh a thabhairt d’fhiosrúchán a bunaíodh faoi dhlí stáit cheannasaigh eile, agus teastaíonn réitigh nuálacha ina leith. Soláthraítear leis an reachtaíocht creat láidir reachtúil lena bhféachtar leis an gcúnamh atá le soláthar don Fhiosrúchán chun a théarmaí tagartha a chomhlíonadh a uasmhéadú agus, an tráth céanna, le leasanna bunriachtanacha an Stáit agus cearta na bhfinnéithe lena mbaineann a chosaint, a mhéid is gá sin.
“Coinneofar faoi athbhreithniú an gá atá le haon ghníomhaíocht bhreise ón Rialtas le linn an Fhiosrúcháin nó tar éis an Fiosrúchán a thabhairt i gcrích.”
Luaigh an tAire Ó Ceallacháin freisin go bhfuil sé beartaithe aige tograí a leagan faoi bhráid an Rialtais sna seachtainí atá le teacht chun aghaidh a thabhairt ar mhór-shaincheisteanna oidhreachta, ar tograí iad a bheidh dírithe ar chur chun feidhme a dhéanamh ar na gealltanais a tugadh faoin gCreat Comhpháirteach maidir leis na Trioblóidí a comhaontaíodh le rialtas na Ríochta Aontaithe i mí Mheán Fómhair seo caite.
CRÍOCH...///
Nótaí don Eagarthóir
Tá an Bille ar fáil ag www.oireachtas.ie.
Bhunaigh Rialtas na Ríochta Aontaithe an Fiosrúchán faoi Bhuamáil na hÓmaí an 21 Feabhra 2024 chun a imscrúdú an raibh údaráis stáit na Ríochta Aontaithe in ann an bhuamáil a chosc nó nach raibh. Tá a théarmaí tagartha ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Fhiosrúcháin.
Chinn an Rialtas an 9 Iúil 2024 cabhrú leis an bhFiosrúchán agus chuir sé an rún sin in iúl ag an gcéad réamhéisteacht de chuid an Fhiosrúcháin an 30 Iúil 2024.
Tá Meabhrán Tuisceana i bhfeidhm idir an Rialtas agus an Fiosrúchán maidir le nochtadh ábhair Stát na hÉireann, agus bíonn ábhar á nochtadh ar bhonn leanúnach.
Tá na Rialacháin faoi alt 2B den Acht um Chosaint Sonraí, 1988, agus an treoir a eisíodh chuig Coimisinéir an Gharda faoi alt 37 den Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, chun tacú le comhar an Gharda Síochána leis an Meabhrán Tuisceana ar fáil anseo.
Achoimre ar na forálacha
Tá aon chuspóir amháin leis an reachtaíocht, is é sin cabhrú leis an bhFiosrúchán faoi Bhuamáil na hÓmaí. Soláthraítear léi sásra saincheaptha chun éascaíocht a dhéanamh ar fhianaise faoi mhionn a ghlacadh os comhair breithimh den Ard-Chúirt ó chomhlachtaí Stáit nó ó iarshealbhóirí oifige aireachta arna iarraidh sin do Chathaoirleach an Fhiosrúcháin.
Tá an reachtaíocht bheartaithe bunaithe ar an sásra atá in alt 3 den Acht um Cheartas Coiriúil (Comhar Idirnáisiúnta), 2019, lena gceadaítear fianaise ó bhéal a ghlacadh chun críocha ionchoisní a bhaineann leis na Trioblóidí sa Ríocht Aontaithe, ach tá roinnt gnéithe tábhachtacha nua ar áireamh inti.
Áirítear iad seo a leanas leis na gnéithe nua sin:
- an sásra a leathnú chuig comhlachtaí eile Stáit (i dteannta an Gharda Síochána), chuig comhaltaí reatha agus iarchomhaltaí araon den Gharda Síochána agus d’Óglaigh na hÉireann, chuig oifigigh roinne, agus chuig iarshealbhóirí oifige aireachta;
- na príomh-rannpháirtithe san Fhiosrúchán, go príomha baill teaghlaigh agus marthanóirí agus a n-ionadaithe dlíthiúla, a éascú a bheith i láthair agus an fhianaise a thugtar os comhair an bhreithimh den Ard-Chúirt a chluinstin go díreach;
- Cathaoirleach nó Abhcóide an Fhiosrúcháin a chumasú ceisteanna a chur chun an fhianaise a thugann finné don bhreitheamh a shoiléiriú.
Cuirfear an sásra i ngníomh trí iarrataí ó Chathaoirleach an Fhiosrúcháin chuig ceann an chomhlachta Stáit lena mbaineann nó, i gcás iarshealbhóir oifige aireachta, chuig an Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce. Sonrófar san iarraidh na ceisteanna a mbeidh an Cathaoirleach ag iarraidh go gcuirfí iad, agus féadfaidh go sonrófar inti sealbhóirí oifige reatha agus iarshealbhóirí oifige (lena n-áirítear iarshealbhóirí oifige aireachta) a mbeidh an Fiosrúchán ag iarraidh cluinstin uathu.
Tá na forais ar a gcaithfear diúltú don iarraidh teoranta dóibh siúd atá riachtanach chun dochar a chosc do cheannasacht agus slándáil an Stáit agus do leasanna riachtanacha eile an Stáit agus chun déanamh de réir na n-oibleagáidí atá ann an choireacht a imscrúdú agus an bheatha a chosaint. Is gá dul i mbun réamhchomhairliúcháin leis an Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce (agus, i gcás gurb iomchuí, leis an Aire freagrach) sula bhféadfar cinneadh a dhéanamh gan géilleadh d’iarraidh. Ní mór an chúis atá taobh thiar d’aon chinneadh den sórt sin a chur in iúl don Chathaoirleach.
Leis an reachtaíocht, tugtar aghaidh ar raon nithe nós imeachta éagsúla, lena n-áirítear finnéithe a ainmniú agus an breitheamh den Ard-Chúirt a éascóidh an fhianaise a ainmniú.
Beidh na finnéithe i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí atá ar fáil os comhair na hArd-Chúirte.
Is bunaithe ar a dtoiliú i scríbhinn atá rannpháirtíocht iarchomhaltaí, iaroifigeach nó iarshealbhóirí oifige aireachta.
Cuirfear tras-scríbhinn den fhianaise ar fáil don Chathaoirleach. Is faoin gCathaoirleach a bheidh sé an tras-scríbhinn a fhoilsiú.
Beidh an sásra ar fáil don Chathaoirleach thar thréimhse feidhme an Fhiosrúcháin agus cumasófar leis cúnamh a lorg de réir mar a thiocfaidh nithe chun cinn le linn a chuid oibre. Áirítear leis sin modh a sholáthar trínar féidir aon nithe nua a thiocfaidh chun cinn as an bhfianaise a thabharfar a fhiosrú.