Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Séamus Ó Ceallacháin tosach feidhme an Achta um Chomhar Idirnáisiúnta (Fiosrúchán faoi Bhuamáil na hÓmaí), 2026

D’fhógair Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, go bhfuil an tAcht um Chomhar Idirnáisiúnta (Fiosrúchán faoi Bhuamáil na hÓmaí), 2026, i bhfeidhm ón lá inniu, an 15 Meitheamh, tar éis dó an t-ordú um thosach feidhme a shíniú an 12 Meitheamh seo caite.

Foráiltear leis an Acht maidir le sásra dlíthiúil saincheaptha chun éascaíocht a dhéanamh ar fhianaise ó bhéal a ghlacadh os comhair breithimh den Ard-Chúirt ó chomhlachtaí Stáit agus ó iarshealbhóirí oifige aireachta chun críocha an Fhiosrúcháin faoi Bhuamáil na hÓmaí. Ón lá inniu ar aghaidh, beidh sé de rogha ag Cathaoirleach an Fhiosrúcháin cúnamh a iarraidh i bhfoirm fianaise ó bhéal faoi mhionn ón nGarda Síochána agus a iarraidh go n-ainmneofaí comhlachtaí iomchuí eile Stáit chun críocha iarrataí den sórt sin a fháil. Beidh an sásra ar fáil don Fhiosrúchán thar thréimhse feidhme an Fhiosrúcháin agus cumasófar leis cúnamh a lorg de réir mar a thiocfaidh nithe chun cinn le linn a chuid oibre.

Agus an fógra á thabhairt aige, dúirt an tAire Séamus Ó Ceallacháin:

“Tá áthas orm an tAcht um Chomhar Idirnáisiúnta (Fiosrúchán faoi Bhuamáil na hÓmaí), 2026, a thosú le héifeacht ón 15 Meitheamh 2026 roimh thús éisteachtaí fianaise an Fhiosrúcháin i mí Mheán Fómhair.

Is é atá i dtosach feidhme na reachtaíochta ná céim ollmhór eile i dtreo comhlíonadh a dhéanamh ar an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais arb éard é tacú leis an bhFiosrúchán agus é a éascú, agus tá sé de bhreis ar an tsraith beart atá curtha chun feidhme cheana féin. I measc na mbeart sin tá an Meabhrán Tuisceana leis an bhFiosrúchán, rud atá i mbun oibre le breis agus 12 mhí anuas agus ar nochtadh líon mór ábhar doiciméadach faoi. Tá an obair sin fós á déanamh go tapa. Áirítear leis na bearta freisin tionscnaimh chun tacú le nochtadh sonraí pearsanta don Fhiosrúchán, lena n-áirítear na Rialacháin um Chosaint Sonraí a shínigh mé i mí na Samhna anuraidh.”

Dúirt an tAire Ó Ceallacháin freisin:

“Le tosach feidhme an Achta, i gcomhar le foilsiú mo thograí reachtacha chun aghaidh a thabhairt ar oidhreacht na dTrioblóidí an tseachtain seo caite, léirítear nach mbeidh an Rialtas easnamhach maidir le haghaidh a thabhairt ar oidhreacht an ama atá thart.

Tá ár dtiomantas, in éineacht le tiomantas Rialtas na Ríochta Aontaithe, riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar ollmhór a bhí ag an bhforéigean a bhain leis na Trioblóidí agus ar na riachtanais dhlisteanacha agus na hionchais dhlisteanacha atá ag teaghlaigh na n-íospartach agus ag na marthanóirí atá ag lorg na fírinne agus na cuntasachta le fada an lá.”

CRÍOCH...///

Nótaí don Eagarthóir

Tá an tAcht um Chomhar Idirnáisiúnta (Fiosrúchán faoi Bhuamáil na hÓmaí), 2026, ar fáil anseo.

Bhunaigh Rialtas na Ríochta Aontaithe an Fiosrúchán faoi Bhuamáil na hÓmaí an 21 Feabhra 2024 chun a imscrúdú an raibh údaráis stáit na Ríochta Aontaithe in ann an bhuamáil a chosc nó nach raibh. Tá a théarmaí tagartha ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Fhiosrúcháin.

Chinn an Rialtas an 9 Iúil 2024 cabhrú leis an bhFiosrúchán agus chuir sé an rún sin in iúl ag an gcéad réamhéisteacht de chuid an Fhiosrúcháin an 30 Iúil 2024.

Tá Meabhrán Tuisceana i bhfeidhm idir an Rialtas agus an Fiosrúchán maidir le nochtadh ábhair Stát na hÉireann, agus bíonn ábhar á nochtadh ar bhonn leanúnach.

Tá na Rialacháin faoi alt 2B den Acht um Chosaint Sonraí, 1988, agus an treoir a eisíodh chuig Coimisinéir an Gharda faoi alt 37 den Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, chun tacú le comhar an Gharda Síochána leis an Meabhrán Tuisceana ar fáil anseo.

Is ar fáil anseo atá moltaí an Aire chun aghaidh a thabhairt ar oidhreacht na dTrioblóidí, ar cheadaigh an Rialtas iad an 9 Meitheamh 2026 agus a foilsíodh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat