An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Fógraíonn Colm Brophy, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Imirce, seoladh an Chiste um Éire i gcoinne an Chiníochais, 2026
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Tá €1.4m á chur ar fáil do ghrúpaí is iarratasóirí atá ag feidhmiú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil chun tacú le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais.
- Is é cuspóir foriomlán an chiste sin ná cistiú a sholáthar do thionscadail náisiúnta agus réigiúnacha, agus do thionscnaimh áitiúla, a bhfuil mar aidhm leo ciníochas a chomhrac agus comhionannas ciníoch agus comhtháthú pobail a chothú.
- Tá an scéim deontais ar oscailt d’iarratais ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí pobail atá ann cheana agus a dhíríonn go sonrach ar thionscnaimh frithchiníochais.
D’fhógair Colm Brophy, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Imirce, inniu gur féidir iarratais a dhéanamh anois ar chistiú ón gCiste um Éire i gcoinne an Chiníochais.
Tá glao cistiúcháin an Chiste um Éire i gcoinne an Chiníochais ina ghné thábhachtach de thacú le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais.
Ag fógairt an chiste dó, dúirt an tAire Brophy:
“Tá áthas orm a fhógairt gur féidir iarratais a dhéanamh anois ar bhabhta na bliana 2026 den Chiste um Éire i gcoinne an Chiníochais, agus go bhfuil €1.4m ar fáil do thionscadail áitiúla agus do thionscadail náisiúnta araon chun ciníochas a chomhrac ar fud na hÉireann.
“I mbliana, tá cistiú á sholáthar agam freisin do líon beag tionscadal ilbhliantúil faoin gclár. A bhuí le cistiú ilbhliantúil, tabharfar tuilleadh cobhsaíochta do thionscadail agus méadófar an acmhainneacht atá ann tionchar marthanach a imirt.
“Tá an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais bunaithe go díreach ar thaithí fíorshaoil na ndaoine a ndéanann an t-idirdhealú difear dóibh. Ós rud é go dteastaíonn iarracht chomhchoiteann chun an ciníochas a shárú, seachas gníomhaíocht an rialtais amháin, táimid ag iarraidh ar ghrúpaí áitiúla agus ar ghrúpaí pobail iarratas a dhéanamh. Tá bhur dtionscnaimh phobaltreoraithe ríthábhachtach chun Éire a bheidh níos sábháilte agus níos cuimsithí do chách a thógáil.”
I mbliana, tá trí shruth cistiúcháin ann:
- Le Scéim 1, soláthrófar deontais, idir €100,000 agus €250,000, d’eagraíochtaí le haghaidh tionscadail ilbhliantúla mhóra. Cuirfear tionscadail Scéim 1 i bhfeidhm thar thréimhse trí bliana.
- Le Scéim 2, soláthrófar deontais, idir €40,000 agus €100,000, d’eagraíochtaí le haghaidh tionscadail náisiúnta agus réigiúnacha.
- Le Scéim 3, soláthrófar deontais, idir €5,000 agus €10,000, d’eagraíochtaí le haghaidh tionscadail áitiúla.
Ní mór gach iarratas a chur isteach go leictreonach.
Glacfar le hiarratais ar chistiú go dtí meán lae an 1 Iúil. Is féidir le grúpaí treoirdhoiciméad mionsonraithe a rochtain agus foirm iarratais ar líne a chomhlánú ag an nasc seo a leanas: An Ciste um Éire i gcoinne an Chiníochais
CRÍOCH...///
Nótaí d’Eagarthóirí nasc
Ó bunaíodh é sa bhliain 2023 i leith, tá an Ciste um Éire i gcoinne an Chiníochais tar éis tacú le 95 thionscadal trí chistiú deontais dar luach €3.9m san iomlán a thabhairt dóibh.
Is de réir na gcritéar seo a leanas a dhéanfar measúnú ar iarratais ar chistiú:
- Oiriúnacht straitéiseach, agus spriocanna na Scéime a bhaint amach
- Láidreacht an togra
- Cumas na heagraíochta is iarratasóir chun an clár oibre a chur i gcrích
Bainistíocht airgeadais agus luach ar airgead