Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Dlí agus Cirt, Heather MhicUnfraidh, Tuarascáil Lárbhliana faoin Dul Chun Cinn maidir le Plean Dlí & Cirt 2021

  • Tá 71% de na gníomhartha a bhí le cur i gcrích sa chéad leath den bhliain 2021 bainte amach
  • Déanfar tuarascáil faoin dul chun cinn maidir le tógáil córas ceartais a fhreastalaíonn ar gach duine a fhoilsiú ag deireadh na bliana agus déanfar an plean a uasdátú don bhliain 2022
  • Mar thoradh ar Phlean Dlí agus Cirt 2021 tá Éire á déanamh níos sábháilte agus níos córa mar ionad chun maireachtáil ann, chun bheith ag obair ann, chun cuairt a thabhairt air agus chun gnó a dhéanamh ann.

D’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt, Heather Mhic Unfraidh T.D., Tuarascáil Lárbhliana faoin Dul Chun Cinn maidir le Plean Dlí agus Cirt 2021 inniu.

Is é Plean Dlí agus Cirt 2021, ina bhfuil níos mó ná 230 gníomh, an chéad cheann i sraith pleananna bliantúla agus tá cur síos ann ar ghníomhartha trína dtógfar córas ceartais a fhreastalaíonn ar gach duine.

Tá mionsonraí ann freisin i dtaobh conas a bhainfear amach spriocanna agus uaillmhianta na Roinne Dlí agus Cirt mar atá leagtha amach ina Ráiteas Straitéise do na blianta 2021-2023, dar teideal Éire atá sábháilte, cóir agus uilechuimsitheach.

Le linn di a bheith ag labhairt faoi fhoilsiú na tuarascála inniu, dúirt an tAire Mhic Unfraidh:

“Táimid ag leanúint ar aghaidh go tapa lenár sprioc chun córas ceartais a fhreastalaíonn ar gach duine a thógáil. Tá mé ag tnúth le torthaí thionchar na hoibre claochlaithí seo ar an earnáil cheartais agus ar na daoine a idirghníomhaíonn léi a fheiceáil agus a mhothú.

“Is cúis áthais dom a thuairisciú go ndearnadh 71%, nó 93 cinn, den 132 ghníomh a scrúdaíodh a chur i gcrích. Ní raibh an bhliain saor ó dhúshláin agus b’éigean na hamlínte a choigeartú i leith roinnt gníomhartha agus tá mé dóchasach go mbeifear in ann na gníomhartha sin go léir a chur i gcrích go gairid.”

Tá méid suntasach nithe bainte amach go dtí seo i ndáil le réimsí leathana tacaíochta faoin bPlean Dlí agus Cirt. Rinne an Roinn an méid seo a leanas:

  • Cuireadh tús le Dlí Coco trína ndéanfar cion de dháileadh íomhánna dlúthphearsanta gan toiliú
  • Cur i bhfeidhm leantach Tacú le hAistear Íospartaigh: Plean chun cabhrú le híospartaigh agus le finnéithe leochaileacha i gcásanna foréigin ghnéasaigh
  • Foilsíodh Scéim Ghinearálta shuntasach an Bhille um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht an Phobail lena ndéantar socrú maidir le hathchóiriú leathan comhtháite ar an bpóilíneacht trí fheabhas a chur ar fheidhmíocht agus ar chuntasacht na seirbhísí póilíneachta agus slándála, agus trí thacú le cearta daonna gach duine ar fud na hÉireann chun bheith sábháilte ina bpobail, agus chun an tsábháilteacht sin a bhrath. Tacaíonn an méid sin le cur i bhfeidhm Seirbhís Póilíneachta don Todhchaí trína ndéanfar athchóiriú ar an bpóilíneacht in Éirinn
  • Spreagadh rannpháirtíocht phobail agus trasghníomhaireachta mar chuid de chur chuige nua maidir le pobail a dhéanamh níos sábháilte. Tá comhpháirtithe píolótacha sábháilteachta pobail bunaithe againn i mBaile Átha Cliath, sa Longfort agus i bPort Láirge
  • Tá sé aontaithe go gcuirfear Ciste Nuálaíochta Sábháilteachta Pobail ar bun chun tacú le pobail. Léireoidh sé sin rath an Gharda Síochána agus an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla maidir le hurghabháil shócmhainní na coireachta agus déanfar tionscadail a mhaoiniú leis, ar tionscadail iad arb eol do phobail ina leith go gcabhróidh siad le pobail feabhas a chur ar a sábháilteacht.
  • Foilsíodh Plean Forfheidhmiúcháin Dhroichead Átha inar leagadh amach 70 gníomh chun feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar fholláine pobail i nDroichead Átha trí chomhoibriú méadaithe ó ghníomhaireachtaí Stáit agus ó dhreamanna eile.
  • Tugadh isteach bearta láidre chun dul i ngleic le costas an árachais, lena n-áirítear treoirlínte nua maidir le díobhálacha pearsanta a thabhairt isteach, agus tríd an Acht um Cheartas Coiriúil (Mionnú Éithigh agus Cionta Gaolmhara), 2021, a achtú agus a thosú chun cion coiriúil reachtúil a bhunú i leith mionnú éithigh agus cionta gaolmhara.
  • Cuireadh tús le forbairt scéime chun stádas inimirce na mílte duine, agus a gcleithiúnach, atá gan doiciméid ar bhonn fadtéarma a thabhairt chun rialtachta. Meastar go mbeifear ag glacadh le hiarratais faoin scéim roimh dheireadh na bliana.
  • Leanadh den obair ar dhréachtú Bille nua um an Dlí Teaghlaigh chun dlí an teaghlaigh agus na cúirteanna a ollchóiriú agus a nuachóiriú lena chinntiú gur féidir díospóidí a réiteach ar bhealach is lú sáraíocht agus ar bhealach a oireann do riachtanais teaghlach.
  • Bunaíodh an Bord Parúil ar bhonn reachtúil neamhspleách ar mhaithe le hábhair imní íospartach agus marthanóirí a chur i gcuntas. Ní mór do phríosúnaigh a ngearrtar pianbhreith saoil orthu 12 bhliain a chaitheamh i bpríosún anois sula ndéanfar breithniú i dtaobh parúl a dheonú dóibh, i gcomparáid le 7 mbliana roimhe seo
  • Achtaíodh an tAcht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú), 2021, agus tosaíodh príomhfhorálacha an Achta sin. Leis an Acht sin, déantar athruithe práinneacha ar an Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, chun cabhrú le daoine atá ag streachailt chun a bhfiacha a íoc rochtain níos éifeachtaí a bheith acu ar phróisis agus ar réitigh i leith dócmhainneacht phearsanta, go háirithe i bhfianaise phaindéim COVID-19
  • Foilsíodh dréachtdlíthe chun cionta nua sonracha fuathspreagtha a thabhairt isteach i gcás coireanna ar claonadh in aghaidh saintréithe cosanta is cúis leo
  • Foilsíodh iniúchadh neamhspleách a rinneadh i dtaobh conas atá an fhreagracht as an bhforéigean baile, gnéasach agus inscne-bhunaithe roinnte thar ranna agus gníomhaireachtaí rialtais éagsúla.
  • Cuireadh tús le córas sealadach lena gcumasaítear d’iarratasóirí a bpróiseas eadóirseachta a chur i gcrích trí dhearbhú reachtúil dílseachta don Stát a shíniú agus, ar an dóigh sin, tá deis á tabhairt d’iarratasóirí a saoránacht a bhaint amach trí phróiseas an dearbhaithe reachtúil le linn do Shearmanais Saoránachta i bpearsa a bheith curtha ar ceal mar gheall ar shrianta sláinte poiblí.

Sa Tuarascáil Lárbhliana faoi Dhul Chun Cinn atá foilsithe, soláthraítear forléargas ar an dul chun cinn a rinneadh sa chéad leath den bhliain seo maidir leis na réimsí leathana atá leagtha amach sa Phlean Dlí agus Cirt. Ag deireadh Ráithe 2, bhí os cionn dhá dtrian (71%, 93 ghníomh) den 132 ghníomh, agus foghníomhartha san áireamh, a scrúdaíodh agus a dtugtar tuairisc maidir leo sa tuarascáil seo curtha i gcrích. Aicmíodh 6 cinn de na gníomhartha mar ghníomhartha de chineál ‘leanúnach’ – is é sin le rá, go bhfágann cineál na ngníomhartha gurb amhlaidh, cé go bhfuil na gníomhartha sin ag leanúint ar aghaidh de réir an sceidil ina leith agus nach bhfuil aon fhadhbanna ann maidir leo, go leanfar ar aghaidh leis an obair ar fud na bliana lena chinntiú go gcuirfear i gcrích iad. Aicmíodh an 25% de na gníomhartha atá fágtha (33 ghníomh) mar ghníomhartha ‘gan a bheith curtha i gcrích fós’.

Glactar clár oibre um Thús Áite do Sheirbhísí Digiteacha sa phlean agus tugtar gealltanais ann maidir leis na nithe seo a leanas:

  • Tacaíocht agus cosaint a thabhairt d’íospartaigh na coireachta agus sábháilteacht pobail a neartú
  • Tacaíocht a thabhairt don Gharda Síochána i ndáil leis an athrú atá á dhéanamh air chun bheith ina sheirbhís den chéad scoth mar atá molta ag an gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta
  • Conair chothrom inrochtana i dtreo an cheartais a sholáthar, lena n-áirítear trí bhíthin córas nua dlí teaghlaigh.
  • Costais árachais a ísliú agus táillí dlí a laghdú chun cabhrú le gnóthaí, le tomhaltóirí agus le pobail
  • Córas cóir éifeachtúil inimirce a chur ar fáil do ré dhigiteach.
  • Beartais maidir le gníomhú ar son na haeráide a chur i bhfeidhm i gcomhréir lenár n-oibleagáidí agus lenár ngealltanais idirnáisiúnta.

Lean an tAire Mhic Unfraidh ar aghaidh agus dúirt sí an méid seo a leanas:

“Molaim díograis agus dúthracht cheannairí agus fhoireann na Roinne i leith chur i bhfeidhm an chláir oibre uaillmhianaigh seo, ar clár é ar tríd atá cuid mhór gealltanas de chuid an Chláir Rialtais curtha i gcrích cheana féin.

“Mar thoradh ar an obair sin, tá Éire ag éirí níos sábháilte agus níos córa mar ionad chun maireachtáil ann, chun bheith ag obair ann, chun cuairt a thabhairt air agus chun gnó a dhéanamh ann.

“Tá Plean Dlí agus Cirt 2021 thar a bheith uaillmhianach agus léiríonn sé leithead agus castacht na saincheisteanna a bhfuil freagracht ar mo Roinnse astu. Thugamar gealltanas maidir le tuarascálacha ar dhul chun cinn a fhoilsiú dhá uair sa bhliain agus thug an Rialtas an ceann seo dá aire le linn an chruinnithe is déanaí a bhí acu agus tá foilsiú tuarascálacha den sórt sin fóinteach maidir lena chinntiú go bhfuil ár gcuid oibre trédhearcach, intomhaiste agus cuntasach.”

Déanfar tuarascáil eile ar dhul chun cinn a fhoilsiú ag deireadh na bliana.

CRÍOCH

Nóta d’eagarthóirí:

Is féidir an tuarascáil lárbhliana iomlán faoin dul chun cinn maidir le Plean Dlí agus Cirt 2021 a léamh ag Tuarascáil Lárbhliana na Roinne Dlí agus Cirt faoin dul chun cinn maidir le Plean Dlí agus Cirt 2021.

Is féidir teacht ar Phlean Dlí agus Cirt 2021 ag Plean Dli agus Cirt 2021.

Nithe eile atá bainte amach go dtí seo:

  • Táthar ag leanúint de bheith ag obair ar phleananna chun an pionós i leith comhcheilg um dhúnmharú a mhéadú go príosúnacht saoil, go háirithe chun déileáil le coireacht ag dronga
  • Cuireadh tús le clár spriocdhírithe idirghabhála pobail chun cosc a chur ar earcú na leanaí is mó atá i mbaol ó dhronga coiriúla, agus fógraíodh dianphionóis nua atá le gearradh ar dhaoine a mheallann leanaí chun cionta a dhéanamh
  • Cuireadh deireadh le srianta ar thuairisciú, ar srianta iad a chuir cosc ar thuismitheoirí labhairt go poiblí faoina leanbh éagtha i gcás inar maraíodh an leanbh go neamhdhleathach
  • Foilsíodh an chéad phlean trasrialtais maidir le hathchóirithe a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le coireacht agus le héilliú eacnamaíochta.
  • Cuireadh nascadh na hÉireann le Córas Faisnéise Schengen (SIS II) i gcrích go rathúil agus tá méadú tagtha cheana féin ar an líon gabhálacha
  • Cur chuige atruach i leith na saoránachta a chur i bhfeidhm trí dhréacht-dlí a fhoilsiú chun ceanglais chónaitheachta a athrú i ndáil le headóirseacht leanaí a rugadh sa Stát, is é sin le rá, athrú ó 5 bliana go 3 bliana
  • Lainseáladh Líonra nua Seirbhíse Custaiméara don tSeirbhís Inimirce chun dea-chleachtas a spreagadh agus chun caighdeán comhsheasmhach seirbhíse a áirithiú d’úsáideoirí na Seirbhíse Inimirce, lena n-áirítear deasc chabhrach seirbhíse custaiméara lárnaithe a thabhairt isteach.
  • Rinneadh an tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit a athnuachan lena chinntiú go leanaimid den chumhacht a bheith againn chun dul i ngleic le sceimhlitheoireacht agus le coireacht eagraithe
  • Achtaíodh bearta chun éisteacht réamhthrialach a thabhairt isteach lena chinntiú gur lú an seans go mbeidh ar íospartaigh déileáil le moilleanna agus atráthuithe strusmhara gan choinne maidir le dátaí tosaithe trialacha
  • Bunaíodh an Tascfhórsa ar Mheabhairshláinte lena chinntiú go ndéantar freastal ar riachtanais mheabhairshláinte daoine atá i bpríosúin, go soláthraítear cóireálacha andúile dóibh agus go bhfuil tacaíocht cúraim phríomhúil ar fáil dóibh lena chinntiú go mbíonn torthaí feabhsaithe ann do dhaoine aonair agus don tsochaí.
  • Foilsíodh Straitéis nua um Cheartas i leith an Aosa Óig agus cuireadh tús lena cur i bhfeidhm ar mhaithe le cosc a chur ar theagmhais iompair ghoilliúnaigh agus trí leanaí agus aosaigh óga a dhéanann coir a atreorú ó chion a dhéanamh arís agus ó theagmháil leis an gcóras ceartais choiriúil
  • Lainseáladh straitéis nua chun cabhair a thabhairt maidir le hathdhéanamh cionta a laghdú trí thacú le roghanna fostaíochta do dhaoine a ciontaíodh tráth agus cuireadh tús le cur i bhfeidhm na straitéise sin
  • Foilsíodh togra maidir le leathnú a dhéanamh ar an Meicníocht Náisiúnta Atreorúcháin le go mbeifí in ann líon níos mó íospartach gáinneála ar dhaoine a shainaithint agus a chosaint i raon Ranna agus gníomhaireachtaí
  • Fógraíodh go ndéanfar dlí nua a dhréachtú chun ciontuithe roimhe seo mar gheall ar ‘díol collaíochta’ nó cionta striapachais a scriosadh chun tacú le híospartaigh gáinneála agus dúshaothraithe le linn dóibh bheith ag iarraidh a saol a atógáil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat